Dfosguil mé dom ġráḋ, aċt do ṡeaċuin mo ġráḋ é féin, agus do imṫiġ sé: do ṁainniġ mo ċroiḋe a nuáir do laḃair sé: díarr mé é, aċt ní ḃfuáir mé é; do ġoir mé air, aċt ní ṫug sé freagra orum.
Do ḃí gárḋa fíneaṁna ag Solaṁ ann Baal‐hamon; do ṡuiġiḋ sé an gárḋa fíneaṁna do ċoiṁeaduiḃ; do ḃí ar gaċ aon díoḃ ar son a ṫoruiḋ míle píosa airgid do ṫaḃairt leis.
As beannaiġṫe ḃeiṫí, an tráṫ ḟúaṫóċuid dáoine siḃ, agus ċuirfid siad as a gcuideaċda siḃ, agus imḋeargfuid siḃ, agus ċuirfid ḃur nainm amaċ mar olc, ar son Ṁic an duine.
Ag féuċuinn ar Iósa ceannṗort agus fear críoċnuiġe an ċreidiṁ; noċ ar son an tsóláis do cuireaḋ as a ċoṁair do ḟúlaing céusaḋ na croiṫe, ag gcur na masla a neaṁṡuim, agus do ṡuiġ ar deis árdċaṫaóire Dé.