¶ Codluim, aċt músgluiḋ mo ċroiḋe; sé guṫ mo ġráḋuiġ ḃuáilios, ġa ráḋ, Oscuil daṁsa, mo ḋeirḃṡíur, mo ġráḋ, mo ċolum, mo neaṁṫruáilliġṫe: óir atá mo ċeann líonta do ḋrúċt, agus mo ċíaḃa le bráonuiḃ na hoiḋċe.
Agus siḃ féin coṁċosṁud ré dáoiniḃ ag fuireaċ ré na dṫiġearna, gá húair do ḟillfeaḋ sé ón ṗósaḋ; ionnas ar dteaċd agus ar mbuálaḋ an doruis dó, go noisgeolaidis gan ḟuireaċ.
Agus ní ré a ṫeaċdsan aṁáin, aċd mar an gcéudna ris an ḃfurtaċd fuáir seision úaiḃse, an tan do aiṫris sé ḋúinn ḃur ḃfonn roṁórsa, ḃur gcaóineaḋ, ḃur dteasgráḋ ḋaṁsa; ionnus gur móide do ġaḃ gáirdeaċas mé.
Féuċ, seasaim ag an doras, agus bím ḋá ḃuálaḋ: ma éisdeann einneaċ rém ġúṫ, agus go noisgeóluiḋ an doras, raċa mé a steaċ ċuige, agus íosad mo ṡuipéir maille ris, agus eision maile riomsa.