Agus do rinne Ióseṗ deiṫneas; óir do ḃí a ċroiḋe ag lúṫ re na ḋearḃraṫair: agus do íarr áit a nguilfioḋ; agus do ċuáiḋ a steaċ dá ṡeómra, agus do ġuil ann sin.
Annsa seisuġaḋ ceud blíaġan dáois Naói, annsa dara mí, an seaċdṁaḋ lá déug don ṁí, an lá sin fein do brisioḋ a níos toibreaċa a naigein ṁoir uile, agus do hosglaḋ coṁluiġe uisge niṁe.
Ann sin do laḃair an ḃean ler leis an leanaḃ béo ris an ríġ, (oir do ḃí a hionaṫar ar crioṫ fá na mac féin), agus a duḃairt sí, O mo ṫiġearna, taḃair ḋise an leanaḃ béo, agus ná marḃ é air eanċor. Aċd a duḃairt an ḃean oile, Ná bíoḋ sé agamsa nó agadsa, aċd róinntear é.
Tarruing misi, rioṫfam ad ḋiáiġ: ṫug an ríġ ḋá ṡeomraḋuiḃ mé: biáiḋ lúaṫġáire oruinn agus do ḋéanam gáirdeaċus ionnadsa, agus cuiṁneoċum do ġráḋ nísa ṁó na fíon: is ionṁuin leis an ḃfírean ṫú.
An é Eṗraim mo ṁac díleas? an leanaḃ sólásaċ é? óir ó nuáir fár láḃair misi na aġuiḋ, cuiṁniġim go dúṫraċtaċ air a ccoṁnuiḋe: uimesin atáid minniḋe buáiḋearṫa ar a ṡon; go deiṁin do ḋéana mé trócaire air, a deir an TIĠEARNA.
Agus bean áiriġe dár ḃainm Lídia, reacadóir purpuir, a gcaṫruiġ na Dtiatiraċ, noċ do onóruiġeaḋ Día, déisd sí rinn: ag ar osgail an Tiġearna a cróiḋe, ċum aire do ṫaḃuirt do na neiṫiḃ a duḃairt Pól.