Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Caintic Ṡolaiṁ 5:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 ¶ Codluim, aċt músgluiḋ mo ċroiḋe; sé guṫ mo ġráḋuiġ ḃuáilios, ġa ráḋ, Oscuil daṁsa, mo ḋeirḃṡíur, mo ġráḋ, mo ċolum, mo neaṁṫruáilliġṫe: óir atá mo ċeann líonta do ḋrúċt, agus mo ċíaḃa le bráonuiḃ na hoiḋċe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Caintic Ṡolaiṁ 5:2
39 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do rinne Iacob seirḃis ṡeaċd mblíaḋan do ċeannaċ ar Ráċel; agus níor tai hsiuġaḋ ḋó íad aċ na mbeagán láeṫe, do ṁeid an ġraḋ do ḃí aige uirre.


Is beannuiġ an drong atá iomlan a sliġe, noċ ṡiuḃlas a ndliġeaḋ an TIĠEARNA.


Is misi an TIĠEARNA do Ḋía ṫug súas ṫú as críċ na Hégipte: fosgail do ḃéul go fairsing, agus líonfa misi é.


A ṁic, taḃair ḋaṁsa do ċroiḋe, coiṁéadaidís do ṡúile mo ṡliġṫe.


Féuċ, atá tú breáġa, a ġráḋ, agus, taitneaṁaċ: atá fós ar leabuiḋ glas.


¶ Do laḃair mo ġraḋ, agus a duḃairt sé riom, Eiriġ súas, a ġráḋ, mo áon bréaḋa, agus tárr liomsa.


¶ O mo ċolum, atá a scoiltiḃ na cairge, a náitiḃ secréideaċa na staiġreaḋa, faicim do ġnúis, cluinim do ġuṫ; óir is binn do ġuṫ, agus is breáġa do ġnúis.


¶ Guṫ mo ġráḋuiġ! féuċ, atá sé ag teaċt a léimniġ ar na sléiḃtiḃ, ag tuflógaḋ ar na cnocaiḃ.


An sa noiḋċe air mo leabuiḋ díarr mé an té ġráḋuiġios manam: díarr mé, aċt ní ḃfuaras é.


Atá tú uile breáġa, a ġráḋ, ní ḃfuil cáiḋe ar biṫ ionnad.


Déiguiḋ tú mo ċroiḋe, a ḋeirḃṡíur, a ḃainċéile; déigniḋ tú mo ċroiḋe le háon dot ṡúiliḃ, le háon tslaḃra dot ṁuineul.


Atá a ċeann mar a nór is finéulta, atáid a ċíaḃa casda, agus duḃ mar an ḃfíaċ.


Dfosguil mé dom ġráḋ, aċt do ṡeaċuin mo ġráḋ é féin, agus do imṫiġ sé: do ṁainniġ mo ċroiḋe a nuáir do laḃair sé: díarr mé é, aċt ní ḃfuáir mé é; do ġoir mé air, aċt ní ṫug sé freagra orum.


Is áon mo ċolum, mo neaṁṫruailliġṫe; aon aṁain a maṫár í, isí aon toġṫa an tí rug í. Do ċoncadar na hinġeana í, agus do ḃeannuiġeadar í; do ṁol fós, na bainríoġna agus na leannáin í.


Agus carbad do ḃéil cosṁuil ris an ḃfíon is féarr dom ġráḋ, noċ ṫéid síos go díreaċ, do ḃeir air na puisiniḃ ḃíos na ccodlah laḃairt.


Ní ḟéaduid mórán uisgeaḋ an gráḋ do ṁuċaḋ, ní mó ḟéaduid na tuilte a ḃáṫaḋ: dá ttugaḋ duine uile ṁaóin a ṫiġe ar ġráḋ, do dísbeagfuiḋe é ṫríd amaċ.


Ṫug mé mo ḋruim do na buáilteoriḃ, agus mo ġruaiḋe don druing do ṫarruing an fionnaḋ asta: níor ḟoluiġ mé mo ġnúis ó náire agus ó ṡeiliġiḃ.


Aṁuil mar do ḃeiṫ mórán ag maċtnaṁ ort; (do ḃí a ġnúis coiṁmillte sin ní is mó ná aonduine, agus a ḋealḃ ní is mó ná mic na ndaóine):


Anois mar do ḃí sé ag laḃairt riom, do ḃí mé a ccodlaḋ ṫrom ar maġaiḋ leaṫ ris an ttalaṁ: aċt do ḃean seision riom, agus do ċuir sé súas go díreaċ mé.


Agus ṫáinic an taingiol do ċoṁraiḋ riom a rís, agus do ḋúisiġ sé mé aṁuil duine, dúisiġear as a ċodlaḋ,


Oír gaċ uile neaċ iárrus glacuiḋ sé; agus gioḋ bé lorgaireas do ġéiḃ sé; agus is don té ḃuaileas an dorus oisgéoltar.


Do ċum go gcoiṁliónfuiġṫe an ní a duḃairt Esaias an ḟaiġ, a deir, Do ġaḃ seisean ar néagcrúaisne air, agus do iomċair sé ar ngalruiġṫe.


Agus ar maidin, go roṁoċ ar néirġe ḋó a ndeireaḋ na hoiḋċe, do ċúaiḋ sé amaċ, agus do imṫiġ sé go háit ḟásaṁuil, agus do rinne sé urnuiġṫe ann sin.


Agus ar mbeiṫ a nanḃuain ṁóir ḋósan do rinne sé urnuiġe ní as díṫċiolluiġe: agus do ḃí a allas mar ḃráona mora fola ag tuitim ar talaṁ.


Agus tárla ann sna láeṫiḃ sin, go ndeaċuiḋ seisean amaċ ar ṡlíaḃ do ḋéunaṁ úrnaiġe, agus do ċaiṫ sé an oiḋċe ag guiḋe Dé.


Agus do ḃí codlaḋ trom ar Ṗeadar agus ar a ndroing do ḃí na ḟarraḋ, agus an tan do ḋuisgeadar, do ċunncadar a ġloírsion, agus an dias fear do ḃí na seasaṁ na ḟoċair.


Agus an tan léiġeas sé a ċáoiriġ féin amaċ, sioḃluiḋ sé rómpa, agus leanuid na cáoiriġ é: óir aiṫniġid siád a ġúṫ.


Do céusaḋ mé má ráon ré Críosd: giḋeaḋ atáim beo; bíoḋ naċ misi feasda, aċd Críosd atá béo ionnam: agus an ḃeaṫa ċaiṫim a nois sa gcoluinn is tré ċreideaṁ Ṁic Dé ċaiṫim í, noċ do ġráḋuiġ mé, agus tug é féin ar mo ṡon.


Uime sin a deir sé, Músguil a ḋuine átá ad ċodlaḋ, agus éiriġ ó na ṁarḃuiḃ, agus do ḃéura Críosd solas duit.


A síad so an dream nár salċaḋ ré mnáiḃ; óir as óġa íad. A síad so an dream leanas an Túan giḋ bé hionad a dtéid. Atáid siad ar na gceannaċ as meaḋón na ndaóineaḋ, na ccéudṫórṫa do Ḋía agus do Núan.


Féuċ, seasaim ag an doras, agus bím ḋá ḃuálaḋ: ma éisdeann einneaċ rém ġúṫ, agus go noisgeóluiḋ an doras, raċa mé a steaċ ċuige, agus íosad mo ṡuipéir maille ris, agus eision maile riomsa.


Atá beagán danmannuiḃ fos agad a Sardis nár ṡlauiḋ a néuduiġe; agus siuḃóluid síad má ráon riomsa a néuduiġiḃ gléiġeala: óir as fíu sin íad.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ