Mar ḃios a naḃall a measg ċrann na coilleaḋ, marsin ḃios mo ġráḋsa a measg na mac. Do ṡuiġ mé síos fa na scáṫ maille re duil ṁóir, agus do buḋ milis a ṫoraḋ dom ċarbad.
Do fríṫ do ḃríaṫra, agus a dúaiġ misi íad; agus do ḃí do ḃríaṫra ḋaṁsa na ġáirdeaċus agus na lúaṫġáir dom ċroiḋe, óir do gaireaḋ hainmsi orum, a ṪIĠEARNA Día na slóġ.
Annsin a duḃairt an TIĠEARNA riomsa, Imṫiġ fós, graḋuiġ bean (ġráḋaċ agá caruid, giḋeaḋ atá na haḋaltrannuiġ) do réir ġráḋa an TIĠEARNA do ċloinn Israel, noċ ḟéaċus do ḋéeiḃ oile, agus ġráḋuiġios flagúin ḟíona.
Do céusaḋ mé má ráon ré Críosd: giḋeaḋ atáim beo; bíoḋ naċ misi feasda, aċd Críosd atá béo ionnam: agus an ḃeaṫa ċaiṫim a nois sa gcoluinn is tré ċreideaṁ Ṁic Dé ċaiṫim í, noċ do ġráḋuiġ mé, agus tug é féin ar mo ṡon.
Agus fós go deiṁin, measuim gur dioġḃáil na huile neiṫe, ar son éolais ro oirḋeirc Iósa Críosd mo Ṫiġearna: agar léig mé ḋíom na huile neiṫe ar a ṡon, agus measuim naċ ḃfuil ionnta aċd aóileaċ, ionnus go ngnoḋaċuinn Críosd,
A ḟíora agus a ṁná a naḋaltrannais, a né naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ gur naiṁdeanus a naġuiḋ Dé, cairdeas an tsáoġailse? uime sin giḋ bé ré mían an sáoġal ḃeiṫ na ċaruid aige do ní sé naṁuid Dé ḋe féin.