Agus do laḃair se ar ċrannuiḃ, ón ċrann céadair atá a Lebanon go nuige an nisoíp ḟásas amaċ as an mballa: do laḃair sé mar an gcéadna ar ainṁintiḃ, agus air eunlaiṫe, agus air ċréatúiriḃ snáṁaċáin, agus air íascaiḃ.
Naċ féarr Abána agus Parṗar, aiḃne Ḋamascus, ná a ḃfuil duisgeaḋuiḃ a Nisrael? naċ ḃféuduim ionnlaḋ ionta sin, agus ḃeiṫ glan? Marsin do ḟill sé agus dimṫiġ roiṁe a ḃfeirg.
Biáiḋ dornán arḃa annsa talaṁ air ṁullaċ na slíaḃ; biáiḋ a ṫoraḋ sin ar críṫ cosṁuil ré Lebanon, agus do ḋéanuid caiṫriuġaḋ amaċ as an ccaṫruiġ mar luiḃ na talṁan.
Cuiriḋ an crann fíge ḟígeaḋa úra amaċ, agus na fíneaṁna maille ris an ccaóir mbig ag taḃairt ḃolaiḋ maiṫ úaṫa. Eiriġ, a ġráḋ, mo áon breáġa, agus tárr uait.
Ataim ar tteaċt dom ġáirdín, a ḋeirḃṡíur, a ḃainċéile: do ċruinniġ mé mo ṁirr, agus mo spíosraḋ; a duáiḋ mé mo ċríaṫar meala maille re mo ṁil; diḃ mé mfíon lem ḃainne: iṫiḋ, a ċairde; iḃiḋ, iḃiḋ fós go lór, a áos gráḋa.
Oir aṁuil ṗósas ógánaċ maiġdion, is marsin ṗósuid do ṁic ṫusa: agus mar ġáirdiġeas an fear núaḋṗosta ós a ṁnaói núadṗósta, marsin ġáirdiġeas do Ḋía ós do ċionnsa.
Annois is íadso ríġṫe na gcríoċ, do ḃuáil clann Israel, agus dar ṡealḃuiġeadar a ḃfearann ar an taoḃ oile do Iordán leaṫ ré héirġe na gréine, ó naḃuinn Arnon go sliaḃ Hermon, agus an réiteaċ uile ar an ttaóiḃ ṡoir: