Feuċ, atá tú sgíaṁaċ, a ġráḋ: féuċ, atá tú breáġa; atáid suile coluim agad ann do ċiaḃuiḃ: atá do ġrúag aṁuil tréud gaḃar, noċ do ċíṫior ó ṡlíaḃ Gílead.
¶ Codluim, aċt músgluiḋ mo ċroiḋe; sé guṫ mo ġráḋuiġ ḃuáilios, ġa ráḋ, Oscuil daṁsa, mo ḋeirḃṡíur, mo ġráḋ, mo ċolum, mo neaṁṫruáilliġṫe: óir atá mo ċeann líonta do ḋrúċt, agus mo ċíaḃa le bráonuiḃ na hoiḋċe.
Agus do ċonnairc misi Eóin an ċaṫair náoṁṫa, Ierusalem núaḋ, ag teaċd o Ḋía a núas ó neaṁ, ar na hullṁuġaḋ aṁuil ġléusas bean núaḋṗósda í féin fá ċoṁair a fir.