Altóir do ċriáiḋ do ḋéana tú ḋáṁsa, agus ioḋbóruiḋ tú uirre sin, hofrála loisge, agus hofrála síoṫċána, do ċáoiriġ, agus do ḋaiṁ; sa nuile ḃall a ttiuḃra mé fa deara mainm do ċuiṁniuġaḋ, tiucfa mé ċugadsa, agus beannoċa mé ṫú.
Agus tiucfa a ccríċ annsna láeṫiḃ deiġionaċa, go ndaingneoċṫar slíaḃ ṫiġe an TIĠEARNA a mullaiġ na slíaḃ, agus go ttóigfear ós cionn na ccnoc é; agus riṫfiḋ a nuile ċineaḋ ċuige.
Oír ó éirġe gréine eaḋon go dul síos an céadna biáiḋ mainm mór a measc na Ngeinteaḋ; agus ofrálfuiġear túis dom ainm ann gaċ uile áit, agus ofráil ḟiórġlan: óir buḋ mór mainm a mease na ngeinteaḋ, a deir TIĠEARNA na slóġ.
¶ Aċt díḃse air a ḃfuil eagla manmasa éireoċuiḋ Grían a nionracuis maille ré leiġios iona sciaṫánuiḃ; agus raċfuiḋ siḃ amaċ, agus fásfuiḋ súas mar ġaṁnuiḃ an stalla.
Agus atá aguinn bríaṫar na ḃfáiḋeaḋ as deiṁniġe ná sin; dana maiṫ do ní siḃ aire do ṫaḃairt, aṁuil do lóċrann ṡoillsiġeas a nionad ḋorċa go soillsiuġaḋ an láoi, agus go héirġe do réult na maiden ann ḃur gcróiḋṫiḃ:
A rís, sgríoḃuim áiṫne núaḋ ċuguiḃ, noċ atá fírinneaċ annsan agus ionnuiḃse: óir atá an dorċadas ag imṫeaċd ṫoruinn, agus atá an solas fírinneaċ a nois ag soillsiuġaḋ.
Do ċuir mise Iósa maingeal uáim ċum fíaḋnuise do ḋéunaṁ ḋíḃse ar na neiṫiḃse sna heagluiseaċuiḃ. Is mise fréuṁ agus slióċd Ḋáiḃi, réult ḋeallruiġeaċ na maidne.
Agus ar nglacaḋ an leaḃair ḋó, do leigeadar na ceiṫre beaṫuiġ agus an ceaṫrar ar ḟiċid seanóir íad féin síos a ḃfíaḋnuise a Nuáin, ar mbeiṫ ċláirseaċ, agus ṡoiṫeaċ nórġa ag gaċ áon díoḃ fó leiṫ lán do ḋeagḃalaiḋiḃ, agár ab íad urnuiġe na náoṁ íad.