A ṡléiḃte Gilboa, ná raiḃ drúċd, ná fearṫuínn oruiḃ, nó maġa ofrála: óir is annsin do teilgeaḋ go tarcuisneaċ sciaṫ an ċumbaċduiġ seaċad, sciaṫ Ṡauil, mar naċ bíaḋ ungṫa le hola.
Atá do ḃráiġe mar ṫor imoige; do ṡúile cosṁuil ré loċánuiḃ éisg ann Hesbon, láiṁ ré geata Ḃat‐rabbim: do ṡrón aṁuil tor Lebanon noċ ḟéuċus leaṫ ré Damascus.
Agus naċ ccongṁann sé an Ceann, as a ḃfáġann an corp uile ar mbeiṫ ḋó gan uireasḃaiḋ dlíṫuiġe ré ċéile, tré altuiḃ, agus tré ċoiṁċeangaltuiḃ, fás tré ḟás Dé.