Ní fiú mé an ċuid as lúġa dot ṫrócaire, agus do nfírinne noċ do ṫaisbéin tú dod óglaċ: óir lem ḃata ṫáinig mé tar an iordáinse; agus a nois atáim ḋá ḃanna.
Agus a duḃairt mé, O mo Ḋía, atá náire orum agus do ḋearg mé tré maġuiḋ do ṫógḃáil súas ċugadsa, mo Ḋía: óir dfásadar ar bpeacuiḋ ós ar cceann, agus dfásadar ar ccionta súas go neaṁ.
Iondus go ccuiṁneoċa tú, agus go mbía náire ort, agus naċ ḃfoisceola tú do ḃéul go braṫ ní as mó do ḃríġ do náire, an tan ḃías mé síoṫċánta riot ar son a nuile ní dá ndeárna tú, a deir an Tiġearna DIA.
Ar son a neóin ḃeó, glacfuiḋ é, agus an connaḋ céadair, agus an scárláoid, agus an tiosoip, agus tumfuiḋ íad agus an téun beó a ḃfuil a neóin do ṁarḃaḋ ós cionn a nuisce reaṫa:
Agus do rinneadar uile fiaḋnuisi leis, agus do ḃí iongantus aca ann sna combráitiḃ grásaṁla do ṫigeaḋ as a ḃéul. Agus a deirdís, An né naċ é so mac Ióseṗ?
Oír an tan do laḃair Máoise na huile aiṫeanta ris an bpobal uile réir an reaċda, ar nglacaḋ fola láoḋ agus gaḃar ḋó, maille ré huisge, agus ré holuinn ṗurpair, agus ré híosóip, do ċraiṫ sé í ar an leaḃar, agus ar an bpobal uile mar an gcéudna;
Féaċ, a núair ṫiocfam don tír, ceingeola tusa an reabog ṡnáiṫe scárláoidesi ansa ḃfuinneóig tre ar léig tú sinne síos: agus do ḃéara tú haṫair, agus do ṁaṫair, agus do ḋearḃraiṫre, agus muintir tiġe haṫar uile, a steaċ ċugad.