Feuċ, atá tú sgíaṁaċ, a ġráḋ: féuċ, atá tú breáġa; atáid suile coluim agad ann do ċiaḃuiḃ: atá do ġrúag aṁuil tréud gaḃar, noċ do ċíṫior ó ṡlíaḃ Gílead.
Do fríṫ do ḃríaṫra, agus a dúaiġ misi íad; agus do ḃí do ḃríaṫra ḋaṁsa na ġáirdeaċus agus na lúaṫġáir dom ċroiḋe, óir do gaireaḋ hainmsi orum, a ṪIĠEARNA Día na slóġ.
Ar a naḋḃarsin bímídne mar an gcéudna gan sgur ag breiṫ ḃuíḋeaċais ré Día, do ḃríġ, ar ngaḃáil ḃréiṫre Dé ċuguiḃ noċ do ċúalaḃair uáinne, gur ġaḃaḃair ċuguiḃ é ní mar ḃréiṫir ḋáonna, aċd (do réir mar atá sé go fírinneaċ) mar ḃréiṫir Dé, noċ fós oibriġeas ionnuiḃse an drung ċreideas.