Caintic Ṡolaiṁ 4:16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)
16 ¶ Múscail, a ġáoṫ ṫuáiġ; agus tárrsa, a ġáoṫ a neas; séid air mo ġáirddin, ċor go seideaḋ a spíosraḋ amaċ. Tigeaḋ mo ġráḋ ċum a ġáirdin, agus iṫeaḋ sé a ṫórṫa taitneaṁaċa.
Ṫéid an ġaóṫ leaṫ ris an ttáoḃ ó ḋeas, agus fillíḋ sí fa gcuáirt ċum an tuáisceirt; iománuiġsí timċioll fa gcuáirt do ġnáṫ, agus iompoiġiḋ an ġáoṫ aris do réir a cúarta.
Tarruing misi, rioṫfam ad ḋiáiġ: ṫug an ríġ ḋá ṡeomraḋuiḃ mé: biáiḋ lúaṫġáire oruinn agus do ḋéanam gáirdeaċus ionnadsa, agus cuiṁneoċum do ġráḋ nísa ṁó na fíon: is ionṁuin leis an ḃfírean ṫú.
Mar ḃios a naḃall a measg ċrann na coilleaḋ, marsin ḃios mo ġráḋsa a measg na mac. Do ṡuiġ mé síos fa na scáṫ maille re duil ṁóir, agus do buḋ milis a ṫoraḋ dom ċarbad.
Ataim ar tteaċt dom ġáirdín, a ḋeirḃṡíur, a ḃainċéile: do ċruinniġ mé mo ṁirr, agus mo spíosraḋ; a duáiḋ mé mo ċríaṫar meala maille re mo ṁil; diḃ mé mfíon lem ḃainne: iṫiḋ, a ċairde; iḃiḋ, iḃiḋ fós go lór, a áos gráḋa.
Ann sin a dúḃairt seision riomsa, Tairrġir ċum na gáoiṫe, tairrġir, a ṁic an duine, agus abair ris an ngaóiṫ, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Tárr ó na ceiṫre gáoṫaiḃ, a anál, agus séid ar na marḃuiḃsi, ċor go mbéid beó.
Séidiġ an ġáoṫ mar as áill lé, agus do ċluin tú a torann, aċd ní ḃfuil a ḟios agad créud as a dtig sé, nó caít dtéid sé: is mar sin atá gaċ neaċ atá ar na ġeineaṁuin ón Spioruid.
Agus ar ndéunaṁ úrnuiġe ḋóiḃ, do ċríoṫnuiġe a náit a raḃadar a ḃfoċair a ċéile; agus do líonaḋ íad uile don Spiorad Náoṁ, agus do láḃradar bríaṫar Dé maille ré dánaċd.
Ionnus go mbéinn am óglaċ ag Iósa Críosd a measg na Gcineaḋaċ, ag miniosdralaċd soisgéil Dé, do ċum go mbeiṫ gean ar ofrail na Gcineaḋaċ, ar mbeiṫ ḋi náoṁṫa trés an Spiorad Náoṁ.
Agus bíġiḋse mar ḃéoċloċaiḃ, tógṫa súas ḃur dtiġ spioradálta, ḃur sagartaċd náoṁṫa, ċum íoḋbarṫaḋ spioradálta dforáil, ar a mbiáiḋ gean ag Día tré Iósa Críosd.