Agus a duḃairt Israél a naṫair ríu, Más éigion a ḃeiṫ mar sin a nois, déanuiġ so; beiriġ liḃ na tórrṫa is féarr sa tír ann ḃur soiṫiġiḃ, agus beiriḋ síos ċum a nóglaoiċ tioḋlacaḋ, beagán balma, agus beagán meala, spíosra, agus miorr, cnó, agus almoinne:
¶ Agus ṫug sí don ríġ céud agus fiṫċe tallann óir, agus roṁórán spíosraḋ, agus cloċ úasal: ní ṫainic a ríaṁ na ḋiáiġ nios mó do ṡaiḋḃrios spíosraḋ ná íad so ṫug bainríoġan Ṡéba don ríġ Solaṁ.
Agus ṫug sí don ríġ fiṫċe agus céad tallann óir, agus do spíosraḋ iomarcaiḋ ṁór, agus cloċa uáisle: agus ní raiḃ ar biḋ leiṫéid na spíosraḋ ṫug bainríoġan na Séba don ríġ Solaṁ.
Glac ṫusa mar an gcéadna ċugad spiósra oirḋearca, do ṁirr ġloinn cúig ċéad secel, agus do ṡinamon deaġḃoluid a leaṫ oiread sin, ḋá ċéad agus caógad secel, agus do ċalamus déaġḃoluiḋ ḋá ċéad agus cáogad secel,
Ataim ar tteaċt dom ġáirdín, a ḋeirḃṡíur, a ḃainċéile: do ċruinniġ mé mo ṁirr, agus mo spíosraḋ; a duáiḋ mé mo ċríaṫar meala maille re mo ṁil; diḃ mé mfíon lem ḃainne: iṫiḋ, a ċairde; iḃiḋ, iḃiḋ fós go lór, a áos gráḋa.
Atáid sínte amaċ mar na gleantaiḃ, mar ġáirdíniḃ láiṁ ris a naḃuinn, mar ċránnuiḃ do ċoill Aloes noċ do ṗlannduiġ an TIĠEARNA, agus mar ċrannuiḃ Céadair láiṁ ris na huisgeḋiḃ.
Agus ar ndul don tsabbóid ṫárrsa, do ċeannuiġ Muire Magdalén agus Muire maṫair Ṡéumuis, agus Salóme, spíosraḋ deaġḃaluiḋ, ċum go dtiocfaidis agus go nungfaidis é.
Agus mar an gcéudna ṫáinig Nicodémus, (noċ ṫáinic air tús ċum Iósa sa noiḋċe,) agus tug sé leis a dtimċeall ċéud punnta, do ṁiorr agus aloes, ar na gcumasg ṫrí na ċéile.
Agus cainéul, agus neiṫe deaġḃaluiḋ, agus oinnemeint, agus túis, agus fíon, agus ola, agus plúr mínġeal, agus cruiṫneaċd, agus ainṁinntiġe, agus caóiriḋ, agus éiċ, agus carbuid, agus searḃḟoġantuiġiḋ, agus anmanna daóineaḋ.