Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Caintic Ṡolaiṁ 4:12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Is gáirdín ar na íaḋaḋ mo ḋeirḃṡíur, mo ḃainċéile; tobar ar na ḋrud súas, tiobruid ar na séalaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Caintic Ṡolaiṁ 4:12
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus is annsin do ċruinnidís na tréada uile: agus do ċorruiġedís an ċloċ ó ḃéul an tobair, agus do beirdís uisge do na cáorċuiḃ, agus do ċuirdís an ċloċ na háit feín ar ḃéul an tobair a rís.


Déiguiḋ tú mo ċroiḋe, a ḋeirḃṡíur, a ḃainċéile; déigniḋ tú mo ċroiḋe le háon dot ṡúiliḃ, le háon tslaḃra dot ṁuineul.


Do ċuáiḋ mé síos a ngáirdín na ccnó dféuċuin toruiḋ an ġleanna, agus dféuċúin an raiḃ a nfíneaṁuin ag bláṫuġaḋ, agus na pomgranait ag sceinneaḋ amaċ.


Do ċuáiḋ mo ġráḋsa síos dá ġáirdín, go leabuiḋ na spíosraḋ, dinġilt annsna gáirdíniḃ, agus do ċruinniuġaḋ lile.


Agus tréoroċuiḋ an TIĠEARNA ṫú a ccoṁnuiḋe, agus sásfuiḋ sé hanam a ttiormaċ, agus do ḋéana sé do ċnáṁa méiṫ: agus buḋ cosṁuil ṫú re gáirdín ar na ḟliuċaḋ, agus cosṁuíl re tobar fioruisce naċ ḃfáilliġid a uisgeaḋa.


Uimesin tiucfuid síad agus canfuid a mullaċ Ṡion, agus tuileoċuid a naóinḟeaċt ċum maiṫeasa an TIĠEARNA, ar son cruiṫneaċt, agus ar son fíona nuáiḋ, agus ar son ola, agus ar son óg an tréada agus na háirġe: agus biáiḋ a nanam aṁuil gáirdín ar na ḟliuċaḋ; agus ní ċaóiḋfid nísa ṁó ar áonċor.


Annsin aiṫeonam, ma ṫéiġmid air ar naġaiḋ daiṫniuġaḋ an TIĠEARNA: atá a ḋul amaċ ullaṁ mar an ṁaidin: agus tiucfa sé ċugainn mar a nfearṫuinn, mar a nfearṫuinn deiġionuiġ agus ṫosuiġ ċum na talṁan.


An bíaḋ don ḃolg, agus an bólg don ḃíaḋ: giḋeaḋ sgriosfuiḋ Día íad ar áon. Aċd ní do sdriopaċas do hórduiġeaḋ an corp, aċd don Tiġearna; agus an Tiġearna don ċorp.


Atá diṫfir eidir bean agus máiġdion. Bí curam na neiṫeann nḃeanus ris an Dtiġearna air an mnáoi naċ bí pósda, ionnus go mbíaḋ sí náoṁṫa a gcorp agus a spioraid: aċd bí cúram na neiṫeann ḃeanus ris an sáoġal ar an mnáoi ḃíos pósda, cionnus búḋ ḟéídir ría toil a fir do ḋéunaṁ.


Noċ fós do ċuir séula oruinn, agus tug coṁarṫa daingniġṫe na Sbioruide ann ar gcroiḋṫiḃ.


Ann a ḃfuil ḃur ndóíġse mar an gcéudna, ar gclos bréiṫre na fírinne ḋíḃ, ṡoisgéil ḃur slánaiġṫe: trér cuireaḋ fós séula oruiḃ íar gcreideaṁ ḋáoiḃ, tré Sbiorad náoṁṫá na geallaṁna.


Agus ná cuiriḋ doilġeas ar Sbioruid náomṫa Dé, lér cuireaḋ séula oruiḃ go lá an ḟúasgluiġṫe.


Agus ni raċa a steaċ innte ní ar biṫ neaṁġlan, ná do ní gráineaṁlaċd, ná bréug: aċd aṁáin an dream atá sgríoḃṫa a leaḃar ḃeaṫa a Nuáin.


Ag ráḋ, Ná déunuiḋ doċar don talaṁ, ná don ḟairrge, ná do na crannuiḃ, nó go gcuiream séula ar searḃḟoġantuiġiḃ ar Ndé a gcláruiḃ a néudan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ