Agus tárla ón nuáirsin amaċ, gur oibriġeadar leaṫ mo ṡeirḃíseaċsa annsa nobair, agus an leaṫ oile ḋíoḃ do ċongṁadar na gáeṫe, na scíaṫa, agus na boġuiġe, agus na láṁ‐airm; agus do ḃádar na húaċtaráin táoḃ ṡíar uile do ṫiġ Iúdah.
An luċt do oibriġ ar an mballa, agus luċt iomċair na núalaċ maille ris an luċt do ċuireaḋ úaluiġe súas, do níoḋ gaċ áon díoḃ obair leaṫláiṁe, agus an leaṫláṁ oile ag congṁáil airm.
¶ Oír, féuċ, tóigfe misi súas agus do ḃéara mé fa deara ar ċoiṁṫionól ṁorán cineaḋaċ teaċt súas a naġaíḋ na Babilóin ón tír ṫuáiġ: agus cuirfid íad féin a nórduġaḋ na haġuíḋ; béarṫar as sin í béid a soiġide aṁuil buḋ ó ḋuine ġasta neartṁar; ní ḟillfiḋ ar biṫ go díoṁaóin.