Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Caintic Ṡolaiṁ 3:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Is goirid do ċuáiḋ mé úaṫa, a núair fuáir mé an té ġráḋuiġios manam: do ċonnuiṁ mé é, agus níor leig mé ḋó imṫeaċt, nó go ttugas go tiġ mo ṁaṫar é, agus go seomra na mná do ġaḃ a mbroinn mé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Caintic Ṡolaiṁ 3:4
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt sé, Léig ḋaṁ imṫeaċd, óir ata an lá ag éirġe: agus a duḃairt seision, Ní léigfe mé ḋuit imṫeaċd nó go mbeannuiġe tú mé.


Glac greim daingion do ṫeagasg; na léig uáit í: cuṁdaiġ i; óir isí sin do ḃeaṫa.


Gráḋuiġim an ṁéid ġráḋuiġios mé; agus an drong íarrus mé go moċ do ġeaḃuid mé.


¶ Innis daṁ, ṫusa air a ḃfuil gráḋ ag manam, cáit a ninġiltinn tú, cá háit a suáiṁniġionn tú do ṫreád san meaḋón laói: óir cred as a mbéinnsi mar áon diompoċaḋ do leaṫtaóiḃ láiṁ ré tréaduiḃ do ċompánaċ?


Suil ṫug mé dom aire, do ċuir manam mé air ċarbaduiḃ mo ṗobuil ṫoileaṁuil.


Is cosṁuil do ċeann ort ré Carmel, agus is cosṁuil grúag do ċinn re purpair; connaiṁṫear an ríġ annsna raftuiḃ.


Do ṫréoroċuin ṫú, agus do ḃearuinn go tiġ mo ṁaṫar ṫú, noċ do ṁúinfeaḋ mé: do ḃéuruinn ort ól dfíon mo spíosruiḋe do ṡúġ mo ṗomgranat.


Ní a ḃfolaċ do laḃair mé, a náit ḋorċa don talaṁ: ní dúḃairt mé re síol Iácob, Iarruiḋ mé go díoṁaóin: misi an TIĠEARNA laḃrus fírinne, foillsiġim neiṫe atá ceart.


Agus íarrfuiḋe mé, agus do ġeaḃṫaói mé, a nuáir spíonfuiḋe dom íarruiḋ maille re ḃur nuile ċroiḋe.


Is maiṫ an TIĠEARNA don ṁéid ḟeiṫfios air, do nanam íarras é.


Agus an tan do imṫiġeadar do ċum go ḃfoillséoċadis sin dá ḋeisciobluiḃsion, féuċ, tárla Iósa orrṫá, ag ráḋ, Día ḃur ḃeaṫaḋ ḋáoiḃ. Aċd tangadarsan, agus rugadar ar a ċosaiḃsion, agus do onóruiġeadar é.


Iarruiġ, agus do ḃéurṫar ḋaóiḃ; lorgairíḋ, agus do ġeaḃṫáoi; búaliḋ an dorus, agus oisgéoltar ḋáoiḃ:


Cía ḋealóċus sinn ó ġráḋ Ċríosd? Trioblóid, nó aṁgar, nó díbeirt, nó gorta, nó lomnoċduiġe, nó peiríacuil, nó cloiḋeaṁ?


Ná lé hairde, ná lé doiṁne, ná lé creatúr ar biṫ eile, sinne ḋéaluġaḋ ó ġráḋ Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtiġearna.


Aċd ata an Tiarusalém atá ṡúas sáor, noċ as máṫaír ḋúinne uile.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ