¶ Innis daṁ, ṫusa air a ḃfuil gráḋ ag manam, cáit a ninġiltinn tú, cá háit a suáiṁniġionn tú do ṫreád san meaḋón laói: óir cred as a mbéinnsi mar áon diompoċaḋ do leaṫtaóiḃ láiṁ ré tréaduiḃ do ċompánaċ?
Atáid a luċt faire dall: ataid uile ainḃfiosaċ, atáid uile na madruiġiḃ balḃa, ní ḟéaduid taṫsann; na ccodlaḋ, na luiḋe síos, atáid gráḋaċ air néullfurtaiġ.
A duḃairt Iósa rís, A ḃean, créud fá a nguileann tú? cía atá tú íarraiġ? Ar na ṡáoilsin dise gur ab é an gárġadóir do ḃí ann, a duḃairt sí ris, A ṫiġearna, má rug tusa leaċd é, innis daṁsa gá hair ann ar ċuir tú é, agus béuruiḋ misi leam é.
Táḃruiḋ úṁlaċd do luċd ḃur dtréoruiġṫe, agus ísliġe siḃ féin dóiḃ: óir bíd siad ag faire ḃur nanmann mar an luċd ḃéuras conntas úaṫaḋ, ċum so do ḋéunaṁ ḋóiḃ maille ré gáirdeaċas agus ní ré hosnaiġiḃ: óir as neaṁṫarḃaċ ḋíḃse so.