Cía hí so ṫig a níos ón ḃfásaċ, ag luiḋe air a gráḋ? do ṫóg mé súas ṫú faói an ċrann aḃaill: annsin ṫug do ṁáṫair amaċ ṫú: annsin ṫug sí amaċ ṫú noċ do rug ṫú.
Oir aṁuil ṗósas ógánaċ maiġdion, is marsin ṗósuid do ṁic ṫusa: agus mar ġáirdiġeas an fear núaḋṗosta ós a ṁnaói núadṗósta, marsin ġáirdiġeas do Ḋía ós do ċionnsa.
Oír do rugaḋ leanaḃ ḋúinne, tugaḋ mac ḋúinn: agus biáiḋ an ríaġlaḋ air a ġúaluinn: agus goirrfiġear a ainm Iongantaċ, Coṁairleaċ, An Día cuṁaċtaċ, An Taṫair síorruiḋe, An Prionnsa na Síoṫċána.
Eíriġ agus éiġ a cclúasaiḃ Ierusalem, ġa ráḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA; cuiṁniġim ḋuit cinéul hóige, gráḋ do ḋála, a nuáir do ċuáiḋ tú am ḋiáiġ annsa ḃfásaċ, a ḃfearann naċ ar cuireaḋ.
Is cuṁaċtaċ an TIĠEARNA do Ḋía ann do lár: tárṫoċa sé, gáirdeoċa sé ós do ċionnsa lé lúaṫġair; coiṁneoċa sé ann a ġráḋ, gáirdeoċa sé ós do ċionn le caintic.
Eíreoċuiḋ bainríoġan an táoiḃe buḋ ḋead a mbreiṫeaṁnus leis an ngeinealaċso, agus daimnéoċuiḋ sí é: óir ṫainic sisí ó leiṫimealuiḃ na talṁan déisdeaċd re heagna Ṡolaiṁ; agus, féuċ, a tá neaċ as mó ná Solaṁ ann so.
Aċd do buḋ cóir ḋúinn sugaċas, agus forḃáilteaċas do ḋéanaṁ; tré go raiḃ an dearḃaṫairsi agadsa tar éis ḃáis, agus gur aiṫḃéoḋuiġ sé; agus go ndeaċ aiḋ sé a muġa, agus gur fríṫ a ris e.
An té aga ḃfuil an ḃean núaṗósda as é an fear núaṗosda é: aċd cara an ḟir núaṗósda, noċ ṡeasas agus éisdeas ris, gaḃuiḋ gairdeaċus mór é tré ġuṫ an ḟir núaṗósda: ar a naḋḃarsin atá mó ġáirdeaċusa ar na ċoiṁliónaḋ.
Aċd do ċímid Iósa, ar ḃfáġáil ċoróine glóire agus onóra, noċ do rinneaḋ feaḋ sealuid ḃig ní sa ísle ná na haingil tré ḟulang an ḃáis; ionnas go mblaisfeaḋ sé tré ġrás Dé bás ar son gaċ áoin.
Féuċ, atá sé ag teaċd maílle ré neulluiḃ; agus do ċífiḋ gaċ uile ṡúil é, agus an dream féin do ṫoll é: agus cáoinfid na huile ṫreaḃa na talṁan na ḟíaḋnuise. As aṁluiḋ ḃías, Amén.