¶ Innis daṁ, ṫusa air a ḃfuil gráḋ ag manam, cáit a ninġiltinn tú, cá háit a suáiṁniġionn tú do ṫreád san meaḋón laói: óir cred as a mbéinnsi mar áon diompoċaḋ do leaṫtaóiḃ láiṁ ré tréaduiḃ do ċompánaċ?
Dfosguil mé dom ġráḋ, aċt do ṡeaċuin mo ġráḋ é féin, agus do imṫiġ sé: do ṁainniġ mo ċroiḋe a nuáir do laḃair sé: díarr mé é, aċt ní ḃfuáir mé é; do ġoir mé air, aċt ní ṫug sé freagra orum.
Lé manam díarr mé ṫú san noiḋċe; fos, lé mo spioraid a stiġ ionnam íarrfas mé ṫú go moċ: óir a nuáir ḃéid do ḃreaṫeaṁnuis annsa talaṁ, foġlaimfid áitreaḃuiġ na talṁan fíreantaċd.
A duḃairt sé ris an treas uáir, A Ṡíomóin, ṁic Ióna, a nionṁuin leaċd misí? Do ġaḃ doilġeas Peadar do ḃríġ go nduḃairt sé ris, A Ṫiġearna, atáfios na nuile neiṫer agadsa; atá a ḟios agad gur ab ionṁuin leam ṫú. A duḃairt Iósa ris, Beaṫuiḋ mo ċáoiriġ.
An tí ḋá dtuġaḃair gráḋ, bíoḋ naċ ḃfacaḃair é; ann a ḃfuil siḃ a nois ag creideaṁ, gé naċ léir ḋiḃ é, agus as a ndéuntaói gairdeaċas ré lúaṫġáire ḋóḟaisnéis ġlórṁar: