Caintic Ṡolaiṁ 2:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)
9 Is cosṁuil mo ġraḋ ré poc, no re cáirrḟiaḋ óg: féuċ, seasuiġ sé táoḃ ṡiar dar mballaine, féuċuiḋ sé amaċ air ḟuinneóig, ḋá ṫáisbeanaḋ féin ṫrid an laitis.
Cuirim dfiaċaiḃ oruiḃ a inġeana Ierusalem, tre ṗocaiḃ, agus tre éilitiḃ an ṁaċaire, gan mo ġráḋ do ċorruġaḋ súas, nó a ṁúsglaḋ, nó go maḋ toil leis féin.
Oír is raḋarc spéucláire dorċa, atá aguinn a nois; aċd a núairsin bíam ar aġaiḋ a ċéile: a nois atá gné aiṫne agam; aċd an tan sin aiṫéonad do réir mar atá aiṫne oram.
Oir ar mbeiṫ do sgáile na neiṫeann maiṫ do ḃí ċum teaċda ag an reaċd, agus ní dealḃ fíre na neiṫeann féin, ní féidir leis ċoiḋċe na druinge ṫig ċuige do náoṁaḋ ris na hioḋbarṫuiḃsin ḃíd ḟóráil do ġnáṫ gaċa blíaḋna.
Agus do ṫuit mé síos agá ċosuiḃ ċum a onóruiġṫe. Aċd a duḃairt sé riom, Coiṁéid naċ déuna tú sin: as coiṁṡearḃḟoġantuiġe ḋuit mé, agus dod ḋearḃráiṫriḃ agá ḃfuil fíaḋnuise Iósa aca: taḃair onóir do Ḋía: óir a sí fíaḋnuise Iósa spiorad na fáiḋeadóireaċda.