Agus a núair ṫaínic aírc an TIĠEARNA go caṫruiġ Ḋáiḃi, dféaċ Miċal inġean Ṡauil ar ḟuingeóig, agus do ċonnairc sí Dáiḃi ríġ ag leímniġ agus ag daṁsa as coinne an TIĠEARNA; agus do ṫarcuisniġ sí é ann a croiḋe.
¶ Múscail, a ġáoṫ ṫuáiġ; agus tárrsa, a ġáoṫ a neas; séid air mo ġáirddin, ċor go seideaḋ a spíosraḋ amaċ. Tigeaḋ mo ġráḋ ċum a ġáirdin, agus iṫeaḋ sé a ṫórṫa taitneaṁaċa.
¶ Codluim, aċt músgluiḋ mo ċroiḋe; sé guṫ mo ġráḋuiġ ḃuáilios, ġa ráḋ, Oscuil daṁsa, mo ḋeirḃṡíur, mo ġráḋ, mo ċolum, mo neaṁṫruáilliġṫe: óir atá mo ċeann líonta do ḋrúċt, agus mo ċíaḃa le bráonuiḃ na hoiḋċe.
Canuiḋ, a neaṁa; óir do rinne an ṪIĠEARNA é: gáiriḋ, a ċodċa íoċtaraċa na talṁan: brisiġ amaċ a cceol, a ṡléiḃte, a ḟoraóis, agus gaċ crann ionnad: óir dfúasgail an TIĠEARNA Iácob, agus do ġlóruiḋ sé é féin a Nísrael.
¶ Cred é scíaṁuiḋe ar na sléiḃtiḃ atáid cosa an té do ḃeir scéala maiṫe leis, ḟuagras síoṫċáin; do ḃeir scéala maiṫe leis ar ṁaiṫ, ḟoillsiġeas slánuġaḋ; noċ a deir ré Sion, Atá do Ḋía a ríoġaċt!
Déunuiḋ gáirdeaċus an lá sin, agus éirġiḋ a náirde ré lúṫġáire: óir, féuċ, as mór ḃur lúaiḋeaċd ar neaṁ: oír as mar sin do rinneadar a naiṫreaċa ris na faiḃiḃ.
An té aga ḃfuil an ḃean núaṗósda as é an fear núaṗosda é: aċd cara an ḟir núaṗósda, noċ ṡeasas agus éisdeas ris, gaḃuiḋ gairdeaċus mór é tré ġuṫ an ḟir núaṗósda: ar a naḋḃarsin atá mó ġáirdeaċusa ar na ċoiṁliónaḋ.
Féuċ, seasaim ag an doras, agus bím ḋá ḃuálaḋ: ma éisdeann einneaċ rém ġúṫ, agus go noisgeóluiḋ an doras, raċa mé a steaċ ċuige, agus íosad mo ṡuipéir maille ris, agus eision maile riomsa.