¶ Agus ar néirġe don ríġ ó ḟleiḋ a nfíona iona ḟeirg do ċuáiḋ sé go gáirdín an ṗáláis: agus do ṡeas Háman súas do ġuiḋe na bainríoġna Ester fá na anam; óir do ċonnairc sé go raiḃ olc dá ṫríall na aġaiḋ ón ríġ.
Naċ déarna túsa fál na ṫimċioll, agus a ttimċioll a ṫiġe, agus timċioll a nuile ní da ḃfuil aige aír gaċ aon táoḃ? do ḃeannuiġ tú oibreaċa a láṁ, agus do ṁéaduiġ tú a ṁaóin annsa tír.
Tarruing misi, rioṫfam ad ḋiáiġ: ṫug an ríġ ḋá ṡeomraḋuiḃ mé: biáiḋ lúaṫġáire oruinn agus do ḋéanam gáirdeaċus ionnadsa, agus cuiṁneoċum do ġráḋ nísa ṁó na fíon: is ionṁuin leis an ḃfírean ṫú.
Ataim ar tteaċt dom ġáirdín, a ḋeirḃṡíur, a ḃainċéile: do ċruinniġ mé mo ṁirr, agus mo spíosraḋ; a duáiḋ mé mo ċríaṫar meala maille re mo ṁil; diḃ mé mfíon lem ḃainne: iṫiḋ, a ċairde; iḃiḋ, iḃiḋ fós go lór, a áos gráḋa.
Féuċ, seasaim ag an doras, agus bím ḋá ḃuálaḋ: ma éisdeann einneaċ rém ġúṫ, agus go noisgeóluiḋ an doras, raċa mé a steaċ ċuige, agus íosad mo ṡuipéir maille ris, agus eision maile riomsa.