Oir ar mbeiṫ do sgáile na neiṫeann maiṫ do ḃí ċum teaċda ag an reaċd, agus ní dealḃ fíre na neiṫeann féin, ní féidir leis ċoiḋċe na druinge ṫig ċuige do náoṁaḋ ris na hioḋbarṫuiḃsin ḃíd ḟóráil do ġnáṫ gaċa blíaḋna.
Noċ do ní seirḃís do ṡompla agus do sgáile na neiṫeann neaṁḋa, aṁuil do ḟógair Día do Ṁáoise ar mbeiṫ ḋó ar tí an tabearnacail do ċríoċnúġaḋ: taḃair aire riot, ár sé, Go ndéan tú na huile neiṫe do réir an tsompla do taisbéunaḋ ḋuit sa tslíaḃ.
Agus atá aguinn bríaṫar na ḃfáiḋeaḋ as deiṁniġe ná sin; dana maiṫ do ní siḃ aire do ṫaḃairt, aṁuil do lóċrann ṡoillsiġeas a nionad ḋorċa go soillsiuġaḋ an láoi, agus go héirġe do réult na maiden ann ḃur gcróiḋṫiḃ: