¶ Innis daṁ, ṫusa air a ḃfuil gráḋ ag manam, cáit a ninġiltinn tú, cá háit a suáiṁniġionn tú do ṫreád san meaḋón laói: óir cred as a mbéinnsi mar áon diompoċaḋ do leaṫtaóiḃ láiṁ ré tréaduiḃ do ċompánaċ?
Aċt buḋ é so an cunnraḋ ḋéanas mé ré tiġ Israel; Tar éis na laeṫéaḋsin, a deir an TIĠEARNA, cuirfiḋ mé mo ḋliġeaḋ annsa ċuid a stiġ ḋíoḃ, agus scrioḃṫa mé iona ccroiḋe é; agus biáiḋ mé am Ḋía aca, agus béidsion na bpobal agamsa.
Agus do ḃéara mé an treas cuid ṫríd an tteine, agus aṫġlanfa mé íad mar aṫġlantar an tairgiod, agus dearḃoċa mé íad mar ḋearḃṫar an tór: goirfid siad ar mainm, agus éistfiḋ mé riú: déara mé, Is íadsa mo ṗobal; a déaruid síadsan, Isé an TIĠEARNA mo Ḋía.
Do céusaḋ mé má ráon ré Críosd: giḋeaḋ atáim beo; bíoḋ naċ misi feasda, aċd Críosd atá béo ionnam: agus an ḃeaṫa ċaiṫim a nois sa gcoluinn is tré ċreideaṁ Ṁic Dé ċaiṫim í, noċ do ġráḋuiġ mé, agus tug é féin ar mo ṡon.