Cuiriḋ an crann fíge ḟígeaḋa úra amaċ, agus na fíneaṁna maille ris an ccaóir mbig ag taḃairt ḃolaiḋ maiṫ úaṫa. Eiriġ, a ġráḋ, mo áon breáġa, agus tárr uait.
Eírġiom go moċ gus na fíneaṁnuiḃ; féuċam an ḃfuil an ḟíneaṁuin ag bláṫaḋ, an ḃfuil an ċáor ṁáoṫ ag taisbeanaḋ, agus na pomgranait ag scinneaḋ amaċ: annsin do ḃéara misi mo ġráḋ ḋuit.
Agus a duḃairt seision ríu, Ar nimṫeaċ dáoiḃ, abruiḋ ris an tsionaċsin, Féuċ, teilgimsi deaṁain amaċ, agus dó ním leiġeas a niu agus a máraċ, agus críoċnóċar leam an treas lá.
As aiṫniḋ ḋaṁ hoibreaċa, agus do ṡáoṫar, agus ṫfoiġid, agus náċ éidir leaċd iomċar ris na droċḋáoiniḃ: agus gur ḋearḃ tú an dream a deir gur ab apsduil íad féin, agus naċ eaḋ, agus fuáir tú breúgaċ íad: