Caintic Ṡolaiṁ 2:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)
14 ¶ O mo ċolum, atá a scoiltiḃ na cairge, a náitiḃ secréideaċa na staiġreaḋa, faicim do ġnúis, cluinim do ġuṫ; óir is binn do ġuṫ, agus is breáġa do ġnúis.
A duḃairt sé ós a ċionn sin fós, Is misi Día haṫar, Día Abraham, Día Isaac, agus Día Iácob. Agus do ḟoluiġ Máoisi a aġuiḋ; óir dob eagal leis féacuin ar Ḋía.
¶ Muna ḃfeidirse, ó ṫusa is scíaṁċa a measg na mban, imṫiġ roṁad amaċ le coiscéimiḃ an tréada, agus beaṫaiḋ do ṁeannáin a ḃfoċair ṗáillíun na náoḋaireaḋ.
¶ Codluim, aċt músgluiḋ mo ċroiḋe; sé guṫ mo ġráḋuiġ ḃuáilios, ġa ráḋ, Oscuil daṁsa, mo ḋeirḃṡíur, mo ġráḋ, mo ċolum, mo neaṁṫruáilliġṫe: óir atá mo ċeann líonta do ḋrúċt, agus mo ċíaḃa le bráonuiḃ na hoiḋċe.
Do ḋul a scealpuiḃ na gcarrac, agus a mullaġaiḃ na gcairgeaċ ngarḃ, ar eagla an TIĠEARNA, agus ar son ġlóire a ṁórḋaċda, a nuáir éireoċus sé do ċroṫaḋ na talṁan go húaṫḃásaċ.
Oír coiḃreoċuiḋ an TIĠEARNA Sion, coiḃreoċuiḋ sé a háite fásuiġ uile; agus do ḋéana sé a fásaċ cosṁuil ré Heden, agus a díoṫraṁ cosṁuil ré gáirdin an TIĠEARNA; do ġeiḃṫear gáirdeaċus agus sólás ann sin, breiṫ ḃuiḋe, agus guṫ ceóil.
¶ Annsin a duḃairt misi, A ṁairg ḋaṁsa! óir atáim millte; do ċionn gur duine do ḃéul neaṁġlan mé, agus go náitreaḃuim a measg daóine ḃéul neaṁġlan: óir do ċonncadar mo ṡúile an Ríġ, TIĠEARNA na slóġ.
O siḃsi áitreaḃus ann Móab, fágḃuiḋ na caiṫreaċa, agus coṁnuiġiḋ annsna cairgiḃ, agus bíṫí cosṁuil ris an ccolum do ni a nead a leaṫ taóiḃ ḃéil an tuill.
Do ṁeall húaṫḃás ṫú, agus úaḃar do ċroiḋe, ṫusá ċoṁnuiġios a scealpuiḃ na ccarrac, ċóngṁus áirde an ċnoic: bíoḋ go ndeantá do nead coṁárd ris a niolar, do ḃeara misi a núas as sin ṫú, a deir an TIĠEARNA.
O a Ṫiġearna, fíreuntaċd ḋliġios tusa, aċt sinne náire aiġṫeaċ, aṁuil atá a níuġ; do ṁuinntir Iúdah, agus do áitreaḃṫaċaiḃ Ierusalem, agus do Israel uile, atá a ḃfogus, agus a nimċéin, air feaḋ na nuile ṫíorṫann ionar ḋíoṫċuir tusa íad, do ḃríġ a bpeacuiḋ noċ do ṗeacuiġeadar ad aġaiḋsi.
¶ Do ṁeall úaḃar do ċroiḋe ṫú, ṫusa ċoṁnuiġios a scalpuiḃ na carrag, ar ḃárd hionad coṁnuiḋe, noċ a deir iona ċroiḋe, Cía ḃéaras misi síos ċum na talṁan?
Agus ar mbeiṫ ar na ḃaisdeaġ Díosa, do ċúaiḋ sé air ball súas as a nuisge: agus, féuċ, do hósglaḋ neaṁ ḋó, agus do ċunnairc sé Spiorad Dé ag tuirrling a gcosaṁlaċ ċoluim, agus ag teaċd airsion:
Druideam air ar naġaiḋ maille ré croíḋe fírinneaċ sáirḋeiṁneaċ a gcreideaṁ, ar mbeiṫ dár gcroíḋiḃ ar na ccróṫaḋ ó ḋroċċoinnsías, agus ar mbeiṫ dár gcorp ionnailte ré huisge glan.
Agus ar nglacaḋ an leaḃair ḋó, do leigeadar na ceiṫre beaṫuiġ agus an ceaṫrar ar ḟiċid seanóir íad féin síos a ḃfíaḋnuise a Nuáin, ar mbeiṫ ċláirseaċ, agus ṡoiṫeaċ nórġa ag gaċ áon díoḃ fó leiṫ lán do ḋeagḃalaiḋiḃ, agár ab íad urnuiġe na náoṁ íad.