Caintic Ṡolaiṁ 2:13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)
13 Cuiriḋ an crann fíge ḟígeaḋa úra amaċ, agus na fíneaṁna maille ris an ccaóir mbig ag taḃairt ḃolaiḋ maiṫ úaṫa. Eiriġ, a ġráḋ, mo áon breáġa, agus tárr uait.
A duḃairt mé, Raċa mé súas gus an ccrann pailme, béuruiḋ mé greím air a ġéagaiḃ: fos anois béid do ċíċe mar ṫríopall don nḟineaṁuin, agus bolaḋ do ṡróna mar uḃallaiḃ;
Oír roiṁe an ḃfoġṁar, a nuáir is abaiḋ an fás, agus abuiḋeas an ċáor ṡearḃ annsa mbláṫ, géarrfuiḋ sé amaċ aráon na slaitíne le corránuiḃ béarrṫa, agus béaruiḋ sé leis agus géarrfuiḋ síos na beangáin.
Oír mar do ḃeir an talaṁ a ḟás amaċ, agus aṁuil do ḃeir an gáirdín ar na neiṫiḃ cuirṫear ann fás a níos; marsin do ḃéar an Tiġearna DIA fíréanntaċd agus molaḋ dfás súas as coinne na nuile ċríoċ.
An ḃfuil an síol fós annsa scioból? aseaḋ, fós ní ṫug a nfíneaṁuin, agus an crann fíge, agus an pomgranat, agus an crann ola, a ṫoraḋ: ón ló so amaċ beinneoċa me siḃ.
Uime sin is teaċdaireaḋa sinn as uċd Ċríosd, aṁuil do ċuirfeaḋ día impiḋe oruiḃsi ṫrídne: iarrmaóidni daṫċuinge oruiḃ as uċd Ċríosd, bíġiḋ réiḋ ré Día.