Cuiriḋ an crann fíge ḟígeaḋa úra amaċ, agus na fíneaṁna maille ris an ccaóir mbig ag taḃairt ḃolaiḋ maiṫ úaṫa. Eiriġ, a ġráḋ, mo áon breáġa, agus tárr uait.
¶ Codluim, aċt músgluiḋ mo ċroiḋe; sé guṫ mo ġráḋuiġ ḃuáilios, ġa ráḋ, Oscuil daṁsa, mo ḋeirḃṡíur, mo ġráḋ, mo ċolum, mo neaṁṫruáilliġṫe: óir atá mo ċeann líonta do ḋrúċt, agus mo ċíaḃa le bráonuiḃ na hoiḋċe.
Agus an tan do ċúaiġ Iósa as a náitsin, do ċunnairc sé oglaċ, na ṡuiġe ag bord an ċusduim, dar ḃainm Maṫa, agus a duḃairt sé ris, Lean misi. Agus ar néirġe ḋó, do lean sé é.
Agus a deir an Sbiorad agus an ḃean núaḋṗosda, Tárr. Agus abraḋ an tí ċluin, Tárr. Agus tagaḋ an tí ar a ḃfuil tart. Agus an tí ler ab áill, glacaḋ sé uisge na beaṫa a naisgiḋ.