Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Caintic Ṡolaiṁ 1:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 ¶ Do ċoiṁmeas mé ṫú, O a ġráḋ, ré cuideaċtuin ṁarcaċ a ccarbaduiḃ Ṗárao.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Caintic Ṡolaiṁ 1:9
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċuáiḋ suas leis, carbuid fós agus marcṡluáġ: agus bá roṁór an ċuideaċda íad.


¶ Agus do ṫigeaḋ ċum Soluiṁ eiċ as an Négipt, agus snáṫ lín: do ġlacaidís ceannuiġṫe an riġ an snáṫ lín ar ṡuim áiriġ.


Féuċ, atá tú sgíaṁaċ, a ġráḋ; féuċ, atá tú scíaṁaċ; atáid súile coluim agad.


¶ Do laḃair mo ġraḋ, agus a duḃairt sé riom, Eiriġ súas, a ġráḋ, mo áon bréaḋa, agus tárr liomsa.


Cuiriḋ an crann fíge ḟígeaḋa úra amaċ, agus na fíneaṁna maille ris an ccaóir mbig ag taḃairt ḃolaiḋ maiṫ úaṫa. Eiriġ, a ġráḋ, mo áon breáġa, agus tárr uait.


Mar ḃíos an lile a measg na ndosán, is mairsin ḃíos mo ġráḋsa a measg na ninġean.


Feuċ, atá tú sgíaṁaċ, a ġráḋ: féuċ, atá tú breáġa; atáid suile coluim agad ann do ċiaḃuiḃ: atá do ġrúag aṁuil tréud gaḃar, noċ do ċíṫior ó ṡlíaḃ Gílead.


Atá tú uile breáġa, a ġráḋ, ní ḃfuil cáiḋe ar biṫ ionnad.


¶ Codluim, aċt músgluiḋ mo ċroiḋe; sé guṫ mo ġráḋuiġ ḃuáilios, ġa ráḋ, Oscuil daṁsa, mo ḋeirḃṡíur, mo ġráḋ, mo ċolum, mo neaṁṫruáilliġṫe: óir atá mo ċeann líonta do ḋrúċt, agus mo ċíaḃa le bráonuiḃ na hoiḋċe.


¶ Atá tú sgíaṁaċ, ó mo ġráḋ, aṁail Tirsah, deaġṁaiseaċ aṁuil Ierusalem, úaṫḃasaċ aṁuil slúaġ go morataċaiḃ.


Aṁairg don droing ṫéid síos don Négipt ċum caḃra; agus ḟanas ar eaċaiḃ, agus ḋóṫċusuiġios a ccarbaduiḃ, do ḃríġ go ḃfuihd iomadaṁuil; agus a marcṡlúaġ, do ḃríġ go ḃfuilid láidir; aċt ní ḟéaċuid síad Dáon Naoṁṫa Israel, ní íarruid síad an TIĠEARNA!


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ