¶ O mo ċolum, atá a scoiltiḃ na cairge, a náitiḃ secréideaċa na staiġreaḋa, faicim do ġnúis, cluinim do ġuṫ; óir is binn do ġuṫ, agus is breáġa do ġnúis.
Cuirim dfiaċaiḃ oruiḃ a inġeana Ierusalem, tre ṗocaiḃ, agus tre éilitiḃ an ṁaċaire, gan mo ġráḋ do ċorruġaḋ súas, nó a ṁúsglaḋ, nó go maḋ toil leis féin.
Oír éireoċuiḋ sé súas as a ċoinne aṁuil plannda máoṫ, agus aṁuil fréuṁ as talaṁ ṫirim: ní ḃfuil cuma nó sgéiṁ air; agus núair ċinnd é, ní ḃfuil scíaṁ go níarrfamaóis é,
Cruinneoċṫar tréuda Cedar uile mar áon ċugadsa, foiġeonuid reiṫeaḋ Nebaiot ḋuit: tiucfuid súas maille ré mo ḋeaġṫoilsi ar maltóir, agus glóirfiodsa tiġ mo ġlóire.
Gáirdeoċuiḋ mé go mór annsa TIĠEARNA, biáiḋ manam sólásaċ ann mo Ḋia; óir déaduiġ sé mé a cculaḋuiḃ an tslánaiġṫe, dfoluiġ sé mé le róba na firéantaċda, aṁuil ċóiriġeas fear núaḋpósta é féin le breáġaċtuiḃ, agus mar ċóiriġeas an ḃean núaḋṗósta í féin lé na séuduiḃ.
As lór don deisgiobal ḃeiṫ mar a ṁaiġisdír, agus don tṡearḃḟoġantuiḋe ḃeiṫ mar ṫiġearna. Má ġoireadar Beelsébub dḟior an tiġe, a né naċ mó ná sin ġoirfid é dá ṁuinntir?
O a Ierusalém, á Ierusalém, noċ ṁarḃas na fáiġe, agus ġaḃas do ċloċaiḃ ar na dáoiniḃ ċurṫar ċugad; gá ṁioncaċd bá mían leam do ċlann do ċruinniuġaḋ, mar ċruinniġeas an ċearc a gearrcuiġ fá na sgioṫánuiḃ, agus níor ḃáill liḃ!
Agus a duḃhairt an taṫair ré na ṡearḃoġantaiḃ, Taḃruiḋ an ċuluiḋein is fearr liḃ, agus cuireiḋ uime í; agus cuiriḋ fainne air a láiṁ, agus bróga air a ċosaiḃ:
Tuguiḋ dá ḃur naire, créd é méud an ġráḋa tug an Taṫair ḋúinne, as a ngoirfiḋe clann Dé ḋínn: is uime so naċ aiṫniḋ don tsáoġal sinn, do ḃríġ naċ aiṫniḋ ḋó eisean.