Agus a duḃairt Maóise ris an TIĠEARNA, Feuċ, a deir tú riumsa, Beir súas an pobalsa: agus ní ṫug tú a ḟios daṁ cia, ċuirfeá liom. Giḋéaḋ a duḃairt tú, Atá a ḟios agus cía ṫú as hainm, agus fuáir tú grása mar ann gcéadna an mo raḋarc.
Agus a duḃairt seision, Do ḃéura mé ar mo ṁaiṫeas uile dul roṁad, agus fuaigeora mé ainm an TIĠEARNA roṁad; agus biad grásaṁuil don ti dá mbía mé grásaṁuil, agus taisbéanfad trócaire don tí dá ttaisbéana mé trócaire.
Dórdúġaḋ don druing ċaoíḋeas a Sion, do ṫaḃairt sgéiṁe ḋóiḃ ar son lúaṫa, ola an ġáirdeaċuis ar son dóbróin, éaduiġ an ṁolta ar son spioruiḋe brúiġte: go ngoirfiḋe crainn na fíroantaċda ḋioḃ, plannduġaḋ an TIĠEARNA, ċor go nglórfuiḋe é.
Ann sin do ġlac Muire punta duinnement náird ḟírinniġ, roúasail, agus do ung si cosa Iósa, agus do ṫiorrmuiġ sí a ċosa lé na grúaig: agus do ḃí an teaċ ar na líonaḋ do ḃalaḋ na huinnemeinte.
Fuáir mé a nois na huile neiṫe, agus atá mo ṫeannṡáiṫ agum: do líonaḋ mé, ar nglacaḋ ḋaṁ ó Epaṗrodítus na neiṫe ṫáinic uáiḃse, an balaḋ ḋeaġḃaluiḋ, an níoḋbairt ṫaitneaṁaċ, ar a ḃfuil gean ag Día.
A síad so an dream nár salċaḋ ré mnáiḃ; óir as óġa íad. A síad so an dream leanas an Túan giḋ bé hionad a dtéid. Atáid siad ar na gceannaċ as meaḋón na ndaóineaḋ, na ccéudṫórṫa do Ḋía agus do Núan.