Agus a duḃairt Israél a naṫair ríu, Más éigion a ḃeiṫ mar sin a nois, déanuiġ so; beiriġ liḃ na tórrṫa is féarr sa tír ann ḃur soiṫiġiḃ, agus beiriḋ síos ċum a nóglaoiċ tioḋlacaḋ, beagán balma, agus beagán meala, spíosra, agus miorr, cnó, agus almoinne:
Cuirim dfiaċaiḃ oruiḃ a inġeana Ierusalem, tre ṗocaiḃ, agus tre éilitiḃ an ṁaċaire, gan mo ġráḋ do ċorruġaḋ súas, nó a ṁúsglaḋ, nó go maḋ toil leis féin.
¶ Múscail, a ġáoṫ ṫuáiġ; agus tárrsa, a ġáoṫ a neas; séid air mo ġáirddin, ċor go seideaḋ a spíosraḋ amaċ. Tigeaḋ mo ġráḋ ċum a ġáirdin, agus iṫeaḋ sé a ṫórṫa taitneaṁaċa.
Ataim ar tteaċt dom ġáirdín, a ḋeirḃṡíur, a ḃainċéile: do ċruinniġ mé mo ṁirr, agus mo spíosraḋ; a duáiḋ mé mo ċríaṫar meala maille re mo ṁil; diḃ mé mfíon lem ḃainne: iṫiḋ, a ċairde; iḃiḋ, iḃiḋ fós go lór, a áos gráḋa.
Agus mar an gcéudna ṫáinig Nicodémus, (noċ ṫáinic air tús ċum Iósa sa noiḋċe,) agus tug sé leis a dtimċeall ċéud punnta, do ṁiorr agus aloes, ar na gcumasg ṫrí na ċéile.