A rís, do ċuir sé ṡearḃḟoġantuiḋe eile ċuca, da ráḋ, Abruiġsi ris an ṁuinntir úd dár tugaḋ cuireaḋ, Féuċ, do ullṁuiġ mé mó ḋínnéir; á táid mo ḋaiṁ agus mainṁinntiġe bíaḋta ar na marḃaḋ, agus a tá gaċ uile ní ullaṁ: tigiḋ ċum na bainnse.
Ann sin a déara an Rí ris an luċd ḃías air a láiṁ ḋeis, Tigiḋ, a ḋáoine beannuiġṫe Maṫarsa, gaḃuiḋ ċugaiḃ óiġreaċd na ríoġaċda a tá ar na hullṁuġaḋ ḋáoiḃ ó ṫosaċ an doṁuin:
Agus ar mbeiṫ ḋó a Mbetánia, a dtiġ Ṡimóin an loḃair, ar suiḋe ḋó ar an mbord, táinic bean agá raiḃ bocsa ola, do spícnárd ṁórlúaiġe; agus ar mbriseaḋ an ḃocsa ḋi, do ḋóirt sí ar a ċéann é.
Ann sin do ġlac Muire punta duinnement náird ḟírinniġ, roúasail, agus do ung si cosa Iósa, agus do ṫiorrmuiġ sí a ċosa lé na grúaig: agus do ḃí an teaċ ar na líonaḋ do ḃalaḋ na huinnemeinte.
Fuáir mé a nois na huile neiṫe, agus atá mo ṫeannṡáiṫ agum: do líonaḋ mé, ar nglacaḋ ḋaṁ ó Epaṗrodítus na neiṫe ṫáinic uáiḃse, an balaḋ ḋeaġḃaluiḋ, an níoḋbairt ṫaitneaṁaċ, ar a ḃfuil gean ag Día.
Féuċ, seasaim ag an doras, agus bím ḋá ḃuálaḋ: ma éisdeann einneaċ rém ġúṫ, agus go noisgeóluiḋ an doras, raċa mé a steaċ ċuige, agus íosad mo ṡuipéir maille ris, agus eision maile riomsa.