Agus tárla, a ndiaiġ na ccaṁull ól a sáiṫ, go rug an tóglaċ ar ċlúasḟáinne óir, leiṫ-ṡecel do ċoṁṫrum, agus ḋá ḃráisléd da láṁuiḃ do ċoṁṫrum ḋeiċ secel óir;
Agus do ḟíafruiġ misi ḋi, ag raḋ Cía darab inġean ṫú? Agus a duḃairt, Inġean Ḃétuel ṁac Nahor, noċ rug Milcah ḋó: agus do ċuir misi fáinne cluaisi air a haġuiḋ, agus bráisléd ar a láṁuiḃ.
Agus ṫug an tóglaċ amaċ séoid airgid, agus séoid óir, agus éuduiġe, agus tug iad do Rebecah: agus tug mar an ccéadna dá dearḃraṫair agus da maṫair neiṫe morluáiḋ.
Gáirdeoċuiḋ mé go mór annsa TIĠEARNA, biáiḋ manam sólásaċ ann mo Ḋia; óir déaduiġ sé mé a cculaḋuiḃ an tslánaiġṫe, dfoluiġ sé mé le róba na firéantaċda, aṁuil ċóiriġeas fear núaḋpósta é féin le breáġaċtuiḃ, agus mar ċóiriġeas an ḃean núaḋṗósta í féin lé na séuduiḃ.
Ṫugamar ar a naḋḃarsin ófráil ċum an TIĠEARNA, a ḃfuáir gaċ áon aguinn, do ṡéaduiḃ óir, do ṡlaḃruiḋiḃ, agus do ḃráisléaduiḃ, dfáinniḋiḃ, do ċluáisṡéaduiḃ, agus do ṫaibliḃ, do ḋéanaṁ síoḋa dar nanam a laṫair an TIĠEARNA.