3 Ṫug Día ann ḃur láṁuiḃsi prionnsuiḋe Ṁídian, Oreb agus Seeb: agus cred do ḟéad misi ḋéanaṁ a gcomóraḋ riḃse? Annsin do laġduiġeaḋ a ḃfearg ris, a núair a duḃairt se sin.
Oír ní re na gcloiḋeaṁ do ġaḃadar oiġreaċd a nfearuinn, agus ní hí a láṁ féin do ṡáor íad: aċt do láṁ ḋeassa, agus do ríġ, agus solus haiġṫe, do ḃríġ go raiḃ tú faḃarṫaċ ḋóiḃ.
Oír a deirim, ré gaċ áon eadruiḃse, trés an ngrás do tugaḋ ḋaṁ, gan ġaḃáil ré a ais ní do ṫuigsin ós cionn a neiṫe is iomċuḃaiḋ ḋó do ṫuigsin; aċd a ṫuigsi do ḃeiṫ réir ṁeasarrḋaċda, aṁail as do roinn Día ré gaċ áoinneaċ miosúr creidiṁ.
Uime sin ar mbeiṫ do ṫioḋlaiciḃ éugsáṁla aguinn do réir na ngrás tugaḋ ḋúinn, más fáiḋedóireaċd atá aguinn, déanam faiḋedóireaċd do réir ṁéud an ċreidiṁ;