Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Breiṫeaṁuin 7:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Ann sin do éiriġ súas Ierubbaal, sé sin Gideon, agus an pobal do ḃí na ḟoċair, go moċ, agus do ṡuiġeadar láiṁ re tobar Hárod: ionnus go raiḃ slúaiġ na Mídianaċ don táoḃ ṫuáiġ ḋíoḃ, láiṁ re cnoc Móreh annsa ġleann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Breiṫeaṁuin 7:1
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ġluais Abram ṫríd an ḃfearann go háit Ṡiċem, go reiḋteaċ Moreh. Agus do ḃí an Canaaníteaċ ann tan sin san ḃfearann.


Agus do éiriġ Abraham go moċ ar maidin, agus do uġmuiḋ a asal, agus rug días dá óganaċuiḃ leís, agus a ṁac Isaac, agus do scoilt an connaḋ don offráil loisge, agus do éiriġ súas, agus do ċuáiḋ gus a náit a duḃairt Día ris.


Sammah an Harodíteaċ, Elica an Harodíteaċ,


Déansa orrasan mar do rinnis air na Ṁidianiġ; air Ṡisera, air Iábin, ag aḃuinn Císon:


Giḋ bé ní ġeaḃas do láṁ ré a ḋéanaṁ, déan é red ḋiṫċioll; óir ni ḃfuil obair, nó tionnsgnaṁ, nó éolus, nó eagna, ann sa nuáiġ, mar a raċa tú.


Naċ ḃfuilid síad ar an ttaóiḃ oíle do Iordan, ar a tsliġe mar a ttéid an ġrían faói, a ttír na Gcanaaníteaċ, noċ áitreaḃus ann sa réiteaċ ṫall as coinne Ġilgal, láiṁ ré maċairiġiḃ Ṁóreh?


Agus do eíriġ Iosua go moċ ar maidin; agus do áṫruiġeadar as Sitim, agus tangadár go Iordan, é féin agus clann Israel uile, agus do ḟosadar annsin suil do ċúadar ṫairis.


Agus do éiriġ Iosua go moċ ar maidin, agus do ṫógḃadar na sagairt airc an TIĠEARNA súas.


Ar a naḋḃársin do ġoir sé Ierubbaal de an lásin, ġa ráḋ, Déanaḋ Baal ttagra na aġaiḋ, do ċionn ġur ṫeilg sé a altóir síos.


¶ Annsin do ḃádar na Mídíanuiġ uile agus na Hamalecitiġ agus clanna a noirṫear ar na gcruinniuġaḋ a ḃfoċair a ċéile, agus do ċúadar anonn, agus do ṡuiġeadar a ngleann Iesreel.


Agus do rinne Día sin a noiḋċesin: óirdo ḃí an tiormaċ air an lomraḋ aṁáin, agus drúċd air an ttaluṁ uile.


¶ Agus do ċuáiḋ Ierubbaal ṁac Ioas agus do áitreiḃ ann a ṫiġ féin.


Ar a naḋḃarsin do ċuir an TIĠEARNA Ierubbaal, agus Bedan, agus Ieṗṫah, agus Samuel, agus do ṫárrṫuiġeadar siḃ ó láiṁ ḃur náṁad air gaċ uile ṫaoḃ, agus do ċoṁnuiġeaḃair daingean.


Anois do ċruinniġeadar na Ṗilistiniġ a sluaġ uile a gcionn a ċéile go Haṗec: agus do ḃí Israel a ccampa láiṁ re tobar atá ann Iesreel.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ