Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Breiṫeaṁuin 6:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus is aṁluiḋ ḃí, a nuáir do ċuir Israel síol, go ttangadar na Mídianuiġ súas, agus na Hamalecitiġ, agus clanna a noirṫear, ċeana ṫangadar súas na naġaiḋ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Breiṫeaṁuin 6:3
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċloinn na leannán, do ḃí ag Abraham, tug Abraham tioḋlaicṫe, agus do ċuir sé air siuḃal íad ó na ṁac Isaac, (an fad do ḃí fós béo) soirin, don tír ṡoir.


Ann sin do ġluáis Iacob ann a ṫurus, agus táinic go tír na ndaoine don taoiḃ ṡoir.


Agus do háirṁeaḋ clann Israel, agus do ḃádar uile a laṫair, agus do ṡuiġeadar clann Israel air a naġaiḋ aṁuil ḋá ṫréud ḃeaga ṁeannan; aċt do líonadar na Sírianuiġ an tír.


Agus do ṡáruiġ gliocus Ṡoluiṁ críonnaċd ċloinne a noirṫir uile, agus gliocus na Hégipte uile.


¶ Marsin ṫug Híram crainn cédair do Ṡolaṁ, agus crainn giuṁuis mar ba mían leis.


Do bí a ṁaóin mar an ccéadna seaċt míle cáora, agus trí ṁíle cáṁall, agus cúig ċéad cúpla daṁ, agus cúig ċead assal bainionn, agus teaġlaċ roṁór; iondus gur ḃé an fearso duine buḋ mó don taóiḃ ṡoir uile.


Ann sin déanuimsi cur, agus iṫeaḋ neaċ oile é; toċoltar fós mo ṡlioċd as a ḃfréiṁ.


Ann sin ṫainic Amalec, agus do ṫroid sé ré Israel ann Reṗidim.


Aċt eitilfid ar ġuáilliḃ na Ḃṗilistineaċ don táoḃ ṡíar; millfid síad muinntir a noirṫir lé ċéile: leagfuid síad a láṁ ar Edom agus ar Ṁoab; agus niṁleoċuid clann Ammon dóiḃ.


¶ Do ṁionnuiġ an TIĠEARNA fa na láiṁ ḋeis, agus le rúiġ a neirt, Go dearḃṫa ní ṫiuḃra mé ní as mó ṫarḃarsa do ḃeiṫ na ḃíaḋ dot naiṁdiḃ; agus ní ioḃuid mic na ccoiṁṫiḋeaċ ṫfion ar son ar ṡáoṫruiġ tú.


¶ A ttáoḃ Cedar, agus a ttáoḃ rioġaċta Hasor, noċ ḃuáilfios Nebuċadressar ríġ na Babiloine, is marso a deir an TIĠEARNA; Eirġiḋe, imṫiġiḋ súas go Cedar, agus creaċuiḋ daóine a noirṫir.


Agus abair ris na Hammoníteaċaiḃ, Eistiġ bríaṫar an Tiġearna DIA; Is marso a deir an Tiġearna DIA; Do ḃríġ go nduḃairt tú, Aha, a naġaiḋ mo ṡanctora, an tan do ṫruáilleaḋ í; agus a naġaiḋ ṫíre Israel, a nuáir do ḃí sí aonránaċ; agus a naġaiḋ ṫiġe Iúdah, an tan do ċúadar a ndoirsine;


Féuċ, air a naḋḃarsin seaċoduiġ mé ṫú do ċlannaiḃ a noirṫir mar ṡeilḃ, agus suiġeoċuid a bpáláis ionnad, agus do ḋéanuid a náitreaḃa ionnad: íosuid síad do ṫoraḋ, agus ioḃuid síad do ḃainne.


Do ḋéana misi mar an gceadna so riḃse; cuirfe me criṫeagla oruiḃ, cnáoi agus fíaḃrus tinntiġe, noċ ċnáoiḋfeas na súile, agus do ḃéura doilġios croiḋe: agus cuirfiḋe ḃur síol go díoṁáoin, óir is íad ḃur náṁuid íosas é.


Cuirfe tú síol, agus ní tú ḃeanfas; brúiġfiḋ tú crainn ola, aċt ní ungṫa tú ṫú féin lé hola; agus fíon milis, aċt ní ioḃṫa tú fíon.


Agus iosuiḋ sé soċar háirnéisi, agus toraḋ ṫfearuinn, nó go maḋ marḃ ṫú: noċ mar an ccéadna naċ ḃfúigfiḋ arḃar, nó fion, nó ola, nó biseaċ do ḃó, nó do ṫréud caoraċ, nó go scriosfa sé ṫú.


Dó ḃruiġeadar mar an gcéadna na Sidonianiġ, agus na Hamalecitiġ, agus na Maonitiġ siḃ; agus do screadaḃair ormsa, agus do ṡáor mé siḃ as a láṁuiḃ.


Agus do ċruinniġ sé ċuige féin clann Ammon agus Amalec, agus dimṫiġ sé agus do ḃuail Israel, agus do ṡealḃuiġ caṫair na ccrann bpailme.


Agus rug láṁ Ṁídian búaiḋ a naġaiḋ Israel: agus air eagla na Mídianaċ do rinneadar clann Israel ḋóiḃ féin na húaṁa atá an sna sléiḃtiḃ, agus na cúasa, agus na daingneaċa láidre.


¶ Annsin do ḃádar na Mídíanuiġ uile agus na Hamalecitiġ agus clanna a noirṫear ar na gcruinniuġaḋ a ḃfoċair a ċéile, agus do ċúadar anonn, agus do ṡuiġeadar a ngleann Iesreel.


Agus do ṡuiġeadar foslungṗort na naġaiḋ, agus do ṁilleadar biseaċ na talṁan, nó go ttí tú go Gasa, agus níor ḟágḃadar beaṫa ar biṫ ag Israel, cáoiriġ, nó daíṁ, nó assail.


Agus do ḃadar na Mídianuiġ agus na Hamalecitiġ agus clann a noirṫir uile ar feaḋ an ġleanna aṁuil ḋorsain ar líonṁaireaċd; agus do ḃádar a gcáṁuill dóáirṁiġ mar an ngaineaṁ ar ṫráiġ na fairge ar iomadaṁlaċd.


¶ Anois do ḃí Sébah agus Salmunna ann Carcor, agus a slúaġ na ḃfoċair, timċioll ċúig mile déag fear, an ṁéid do fágḃaḋ do ṡlúaġuiḃ ċloinne a noirṫir uile: óir do ṫuit díoḃ céad ar ḟiṫċid míle féar do ṫarruing cloiḋeaṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ