Agus tárla a gcionn aimsire go ḃfuáir ríġ na Hégipte bás: agus do ḃáder clann Israel ag osnaḋuiġ tré ṁéid a ndaóirse, agus do eiġṁeadar, agus ṫáinic a néiġṁe súas ċum Dé tré na ndáoirse.
¶ Agus do ḋéana tú láṁagán a meaḋon an láoi mar ġreamuiġios an dall san dorċadas, agus ni ḃéara tú biseaċ ann do ṡliġṫiḃ: agus biáiḋ tú brúite aṁáin agus millte go bráṫ, agus ní ḋídeonuiḋ éanduine ṫú.
Agus a duḃradar clann Ioseṗ, Ní lór an cnoc ḋúinn: agus ṫairis sin atáid carbuid íaruinn ag na Canaanítiġ uile áitreaḃas a ḃfearann an ġleana, ag an luċd atá do Ḃetsean gun a bailtiḃ, agus an luċd atá do ġleann Iesreel.
Agus do ḃí an TIĠEARNA re Iúdah; agus do ḋíbir sé amaċ áitreaḃuiġ an tsléiḃe; aċd níor ḟéad sé áitreaḃuiġ an ġleanna do ḋíbirt, do ċionn go raiḃ carbuid íaruinn aca.
¶ Agus déiġṁeadar clann Israel ċum an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Do ṗeacuiġeamairne ad aġaiḋ, do ċionn gur ṫréigiomar aráon ar Ndía féin, agus gur aḋramar Báalim mar an gcéadna.
Aċ a nuair do éiġṁeadar clann Israel ar an TTIĠEARNA, do ṫóg an TIĠEARNA sáorṫóir súas dóiḃ, Ehud ṁac Géra, Beniamiteaċ, duine cle‐laṁaċ, agus do ċuireadar clann Israel, tioḋlacaḋ leis ċum Eglon ríġ Ṁoab.
Agus a nuáir do éiġṁiodar clann Israel ar an TTIĠEARNA, do ṫóg an TIĠEARNA súas fear sáorṫa do ċloinn Israel, nóċ do ṫárrṫuiġ íad, eaḋon Otniel ṁac Cénas, an dearḃraṫair dob óige ag Cáleb.
Agus do ċruinniġ Sisera a ḃfoċair a ċéile a ċarbuid uile, eaḋon naói gcéad carbad íaruinn, agus a nuile ḋuine da raiḃ na ḟoċair, ó Hasoret na Ngeinteaḋ go nuige a naḃuinn Císon.