Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Breiṫeaṁuin 3:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Agus a nuáir do éiġṁiodar clann Israel ar an TTIĠEARNA, do ṫóg an TIĠEARNA súas fear sáorṫa do ċloinn Israel, nóċ do ṫárrṫuiġ íad, eaḋon Otniel ṁac Cénas, an dearḃraṫair dob óige ag Cáleb.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Breiṫeaṁuin 3:9
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Uime sin do ṡeaċuid tusa íad a láiṁ a náṁad, noċ do ġortuiġ íad: agus a naimsir a naindeisi, a nuáir do éiġeadar ortsa, do ċúala tú ó ḟlaiṫeas íad; agus do réir iomaid do ṫrócaire ṫug tú luċd caḃarṫa ḋóiḃ, noċ do ṡáor íad as láiṁ a náṁad.


Ċugadsa do ċoṁairceadar, agus do sáoraḋ íad: ionnad do ċuireadar a ndóṫċus, agus níor claóiḋeaḋ íad.


A nuáir do ṁarḃ sé íad, is annsin do ṡiriodar é: agus dfilliodar agus do ṡireadar Día go moċ,


Agus do ġaḃ Otniel ṁac Cenas, dearḃraṫair Ċáleb í: agus ṫug sé Aċsah a inġean na mnaói ḋó.


Agus do ġaḃ Otníel ṁac Ceras, an dearḃraṫair dob oíge ag Caleb an ċaṫair: agus ṫug sé ḋó Aċsah a inġean na mnáoi.


¶ Agus déiġṁeadar clann Israel ċum an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Do ṗeacuiġeamairne ad aġaiḋ, do ċionn gur ṫréigiomar aráon ar Ndía féin, agus gur aḋramar Báalim mar an gcéadna.


¶ Giḋeaḋ do ṫóg an TIĠEARNA breiṫeaṁuin súas, noċ do ṡáor íad ó láṁuíḃ na druinge do ċreaċ íad.


Agus a nuáir do ṫóg an TIĠEARNA breiṫeaṁúin súas dóiḃ, annsin do ḃí an TIĠEARNA leis an mbreiṫeaṁ, agus do ṡaór se íad as láṁuiḃ a náṁad ar feaḋ ḃeaṫa an ḃreiṫeaṁuin: (óir do ḃí aiṫreaċus ar an TIĠEARNA ar son a nuċḃaġaḋ do ḃriġ na muinntíresin do ṡáruiḋ agus do ḃuáiḋir íad.)


Aċ a nuair do éiġṁeadar clann Israel ar an TTIĠEARNA, do ṫóg an TIĠEARNA sáorṫóir súas dóiḃ, Ehud ṁac Géra, Beniamiteaċ, duine cle‐laṁaċ, agus do ċuireadar clann Israel, tioḋlacaḋ leis ċum Eglon ríġ Ṁoab.


¶ Uimesin do ḃí fearg an TIĠEARNA teasuiġe a naġaiḋ Israel, agus do reac sé íad a láiṁ Ċusan‐risataim ríġ na Mesopotámia: agus do rinneadar clann Israel serḃis do Ċusan‐risataim oċd mblíaḋna.


Agus déiġṁeadar clann Israel ċum an TIĠEARNA: óir do ḃí aige naói gcéud carbad íaruinn; agus do ṡáruiġ sé go hanṁór clann Israel ḟiṫċe ḃaḋan.


¶ Agus tárla, a nuáir déiġṁeadar clann Israel ċum an TIĠEARNA do ḃríġ na Mídianaċ,


Agus do éiġṁeadar ċum an TIĠEARNA, agus a duḃradar, Do ṗeacuiġeamar, do ḃríġ gur ṫréigeamar an TIĠEARNA, agus gur aḋramar Báalim agus Astárot: aċd a nois sáor sinn as láṁuiḃ ar náṁad, agus do ḋéanam seirḃís duit.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ