Agus do eíġ seision ar anTTIĠEARNA, agus do ṫaisbéin an TIĠEARNA crann dó, noċ a nuair do ċaíṫ sé is na huisgiḋiḃ, do rinneaḋ na huisgiḋe mílis: annsin do rinne sé gnáṫ, agus ordúġaḋ, agus is ann sin do ḋearḃ sé íad;
Agus cuiṁneoċa tú na sliġṫe uile ionar ṫréoruiġ an TIĠEARNA do Ḋía ṫú anois re ḋá ḟiċṫid ḃlíaḋan san ḃfásaċ, dot ḋéanaṁ uṁul, agus dot ḋearḃaḋ, dfaġáil feasa cread do ḃí ann do ċroiḋe, an gcoiṁéoltá a aiṫeanta, nó naċ déantá.