3 Agus a duḃradar, A ṪIĠEARNA Día Israel, cred fá ttárla so ann Israel, go mbíaḋ a niuġ treaḃ deasḃuiġ ann Israel?
Cred fár ṫeilgis uáit go bráṫ sinn, a Ḋé? a ndéana ṫfearg deataċ a naġaiḋ ċáoraċ hinnḃir féin?
Cred far ḃrisis síos a fálta, ċor go sgoṫaid í gaċ a ngaḃann an tsliġe?
Malluiḋ amadánaċt an duine a ṡliġe: agus bí fearg air a ċroiḋe a naġaiḋ an TIĠEARNA.
A ṪIĠEARNA, créd fa ttug tú oruinn seaċran o do ṡliġṫiḃ, agus ar ċrúaḋuiġ tú ar ccroiḋe ód eagla? Fill ar son do ṡearḃḟoġantuiḋeaḋ, treaḃa hoiġreaċda.
Is ceart atá tú, a ṪIĠEARNA, a nuáir ṫagruim riot: giḋeaḋ léig ḋaṁ laḃairt riot ar do ḃreiṫeaṁnusaiḃ: Créd fá mbeirionn sliġe na ndroċḋaóine biseaċ? cred fá ḃfuilid uile sona noċ do ní gráineaṁlaċt?
Fa ḋeóiġ go naibeoruiḋ na huile ċineaḋaċa, Cred as a ndeárna an TIĠEARNA marso ris an ttírse? cred is cíall do ṫeas na feirge móiresi?
Agus tangadar an pobal go tiġ Dé, agus dfanadar ann go nóin a laṫair Dé, agus do ṫógḃadar súas a nguṫ, agus do ġuileadar go géar;
Agus tarla ar na ṁáraċ, gur éirġeadar an pobal go moċ, agus go ndeárnadar altóir ann sin, agus gur ofráladar íoḋbuirt loiscṫe agus ofráil ṡíoṫċána.