Do rinne tú mar an ccéadna stríopaċus ris na Hassírianaċaiḃ, do ḃríġ go raiḃ tú dóríarṫa; do rinne tú fós, méirdreaċus ríu, agus fós níor ḃféidir do ṡásaḋ.
Ann sin do ḃéuruid síad an cailín amaċ go dorus tiġe a haṫar, agus cloċfuid muintir a caiṫreaċ lé cloċuiḃ í nó go néuga sí: do ċionn go ndéarna sí leiṁe an Israel, stríapaċus do ḋéanaṁ a ttiġ a haṫar: mar sin ċuirfiḋe an tolc ar ccúl uaiḃ.
Agus tárla ann sna láeṫiḃ sin, a nuáir naċ raiḃ ríġ ar biṫ a Nísrael, go raiḃ Leḃíteaċ áiriġ na ċoṁnuiġe ar ṫáoḃ ṡléiḃe Eṗraim, noċ ṫug leannán ċuige ó Ḃetlehem‐Iúdah.
Agus déiriġ a fear, agus do ċuáiḋ na diáiġ, do laḃairt go muintearḋá ría, agus dá taḃairt leis a ris, ar mbeiṫ da ṡerḃíseaċ na ḟoċair, agus cúpla assal: agus rug sí a steaċ go tiġ a haṫar é: agus a nuáir do ċonnairc aṫair an ċailín é, do ḃí lúaṫġáir air teagṁáil ris.