Uime sin a duḃairt sé ré na ṡearḃḟoġantuiḃ, Féuċaiḋ, atá maċaire Ióab láiṁ rem ṁaċáiresi, agus atá eórna aige ann sin; éirġiḋe agus cuirfiḋ teine innte. Agus do ċúadar searḃḟoġantuiġiḋ Absolon, agus do ċuireadar an maċaire tre ṫeine.
Agus tárla air an seáċdṁaḋ lá, go nduḃradarsan re mnaoi Ṡamson, Taḃair air ṫfear, go ninnseaḋ sé ḋúinne an toṁus, deagla go loisgfimísne ṫú féin agus tiġ haṫar le teiniḋ: an do ḃuáin a ḃfuil aguinn dínn do ċuireaḃair fios oruinn? nó naċ eáḋ?
Aċt ní raiḃ a ḟios agá áṫair no agá ṁaṫair gurob ón TTIĠEARNA ṫainic, go níarṫaḋ sé cúis a naġaiḋ na Ḃṗilistineaċ: óir do ḃí úaċdaránaċd ag na Ḃṗilistineaċ ós cionn Israel a núair sin.
Agus a duḃairt a haṫair, do ṡaoil mise go deiṁin gur ḟuáṫaiḋ tú ṫríd amaċ í: uime sin ṫug mé dot ċompanaċ í: naċ scíaṁuiḋe a deirḃṡiúr is oíge ná isi? guiḋim ṫú, gaḃ ċugad í, na háit.
Agus do imṫiġ Samson agus do ġaḃ sé trí ċéad sionnaċ, agus do ġaḃ aiṫinneaḋa, agus diompóiġ gaċ dá earball ċum a ċéile, agus do ċeangail aiṫinne idir gaċ dá earball.