Breiṫeaṁuin 15:12 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)
12 Agus a duḃradarsan ris, Ṫangamairne a nsúas dot ċeangal, go ttugmaois a láiṁ na Ḃṗlistineaċ ṫú. Agus a duḃairt Samson ríu, Tugaiḋ ḃur mionna ḋaṁ, naċ ttuitfiḋe féin orum.
Ann sin do ċúadar trí ṁíle fear do Iúdah go mullaċ na cairge Etam, agus a duḃradar ré Samson, Naċ ḃfuil a ḟios agadsa go ḃfuilid na Ṗilistiniġ na núaċdaránuiḃ ós ar ccionne? cred é so do rinne tú oruinn? Agus a duḃairt seision ríu, Aṁuil is do rinneadar orumsa, marsin do rinne misi orrasan.
Agus do laḃradar ris, ḋa ráḋ, Ni ṫuitfiom; aċd ceangolam go daingean ṫú, agus do ḃéaram ann a láiṁ tú: aċd go deiṁin ní ṁuirfióm ṫú. Agus do ċeangladar é lé ḋá ċórda núaḋa, agus rugadar súas ón ċarruig é.
Annsin a duḃairt Sébah agus Salmunna, Eiriġ fein, agus leig oirinn: óir mar ḃios an duine, is mar sin ḃíos a neart. Agus déiriġ Gideon, agus do ṁarḃ Sébah agus Salmunna, agus rug leis na neiṫe deaġṁaiseaċa do ḃí ar ḃraiġdiḃ a ccáṁall.