¶ Marsin ṫaínic sé ċum an ríġ. Agus a duḃairt an ríġ ris, A Ṁicaiah, an raċam a naġaiḋ Rámot‐ġílead do ċaṫuġaḋ, nó an léigfeam ḋi? Agus do ḟreagair sesion é, Imṫiġ, agus beir buáiḋ: óir do ḃéara an TIĠEARNA í a láiṁ an ríġ.
Ann sin do ċruinniġ ríġ Israel na fáiġe a gcionn a ċéile, timċioll ċeiṫre ċéud fear, agus a duḃairt riu, An raċa mé a naġaiḋ Rámot‐ġílead do ċur caṫa, nó an léigfiḋ me ḋo? Agus a duḃradarsan, Imṫiġ súas; óir toirḃeora an TIĠEARNA a láiṁ an ríġ í.
Agus a nuáir do ḃéara an TIĠEARNA do Ḋía ḋuit íad; buáilfe tú íad, agus scriossuiḋ tú íad ṫríd a maċ; ní ḋéana tú cunraḋ air biṫ riú, nó trócaire do ṫaisbeanaḋ ḋóiḃ:
Tuig ar a naḋḃarsin a niuġ, gur bé an TIĠEARNA do Ḋía, ṫéid roṁad; mar ṫeiniḋ loisgniġ claoiḋfiḋ sé íad, agus cuirfe sé sios íad as coinne haiġṫe: mar sin ḋíbéorus tú amaċ íad, agus scriostas tú go lúaṫ íad, mar a duḃairt an TIĠEARNA riot.
Agus a duḃairt Iúdah re Símeon a ḋearḃraṫair, Tárr súas liomsa ann mo ċuid crannċair, ċor go ttroidfiom a naġaiḋ na Gcanaaníteaċ; agus raċa misi leaċdsa már an gcéadna ann do ċuid crannċairse. Mar sin do ċúaiḋ Símeon leis.
¶ Agus do ċoṁnuiġeadar clann Israel a measc na Gcanaaníteaċ, na Hititeaċ, agus na Namoríteaċ, agus na Bperisitéaċ, agus na Hiḃiteaċ, agus na Iebusiteaċ:
Agus a duḃairt Ionatan ris a nóganaċ do iomċair a airm, Gluáis, agus deanum anonn go gárda na ndáoine neṁṫimċill‐ġeárrṫasa: dob éidir go noibreoċaḋ Día air ar son: óir ní ḃfuil toirṁeasg ar an TTIĠEARNA dídean da ḋéanaṁ lé mórán nó lé beagán.