Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ḃfilippiánaċ 4:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus sírim daṫċuinge ortsa, mar an gcéudna, a ċompanuiġ ċarṫanaiġ, cungnaṁ ris na mnáiḃ noċ do rinne díṫċioll maille riomsa sa tsoisgéul, agus fós maille ré Clemens, agus ris an gcuid eile dom luċd caḃarṫa, agá ḃfuilid a nanmanna a leaḃar na beaṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus impiḋim ort‐sa, a ċomrádaiḋe ḋil, congnaṁ do ṫaḃairt do na mnáiḃ úd, óir do ṡaoṫruiġeadar san tsoiscéal i n‐éinḟeaċt liom‐sa, i n‐éinḟeaċt le Clément, leis, agus leis an gcuid eile dem’ ċóṁ‐oibriġṫeoiriḃ, go ḃfuil a n‐ainmneaċa ṫíos i leaḃar na beaṫaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ḃfilippiánaċ 4:3
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Uime sin do ḃéuruiḋ na huile ḋaóine áitreaḃas an talaṁ onóir ḋó, an luċd naċ ḃfuilid a nanmanna sgríoḃṫa a leaḃar ḃeaṫa a Nuáin do marḃaḋ ó ṫosaċ an doṁain.


An tí ḃeireas buáiḋ, biáiḋ sé ar na éuduġaḋ déuduiġiḃ gléiġeala; agus ní sgriosfad a ainm ċoiḋċe as leaḃar na beaṫa, aċd aidmeóċa mé a ainm a ḃfíaḋnuise Maṫar, agus a ḃfíaḋnuise a aingliḋiḃ.


Aċd ċeana na bíoḋ gáirdeaċas oraiḃ, ar son go ḃfuilid na spioraidiḋe fá ḃur smaċd; aċd go maḋ mó ḃiás gairdeaċas oruiḃ fá go ḃfuilid ḃur nanmanna sgríoḃṫa ar neaṁ.


Aṁáín iomċruiḋ siḃ féin go cuḃaiḋ do ṡoisgéul Ċríosd: ionnas dá dtigiḋ mé agus go ḃfaicfeaḋ siḃ, nó dá raiḃ mé uáiḃ, gi ḃfuiġead sgéula oruiḃ, go ḃfuiltí ag fuireaċ a náoin Sbioruid, agus ag cur lé ċéile déininntinn a gcreideaṁ an tsoisgéil;


Agus ni raċa a steaċ innte ní ar biṫ neaṁġlan, ná do ní gráineaṁlaċd, ná bréug: aċd aṁáin an dream atá sgríoḃṫa a leaḃar ḃeaṫa a Nuáin.


An tainṁiḋe do ċonnairc tú do ḃí sé ann, agus ní ḃfuil; agus eiréoċuiḋ sé a níos as an bpoll duḃaigéin, agus do ġeuḃuiḋ a sgrios: agus buḋ hiongnaḋ ris an luċd áitreaḃas an talaṁ, (ag naċ ḃfuil a nanmanna sgríoḃṫa a leaḃar na beaṫa o ṫus an doṁain,) an tan do ċífid an tainṁiḋe do ḃí ann, agus naċ bḟuil, agus fós atá.


Sírim daṫċuinġe ar Eḃódias, agus guíḋim Sintiċe, ḃeiṫ déininntinn sa Dtíġearna.


Fáiltiġiḋ do Ṫriṗéna agus do Ṫriṗósa, mná ṡáoṫruiġeas sa Dtiġearna. Fáiltiġiḋ do Ṗersis ionṁuin, noċ do rinne móran sáoṫair sa Dtiġearna.


Fáiltiġiḋ do Urbánus, ar ḃfear caḃarṫa a Gcríosd, agus do Staċis mo ḋearḃraṫair ionṁuin.


Ar a naḋḃarsin sirim daṫċuinge oraiḃ, a ḋearḃraiṫreaċa, tré trócaire Dé, ḃur gcuirp do ṫaḃairt na ḃéo-ioḋbairt, náoṁṫa, geanaṁail do Ḋía, ḃur seirḃís réusúnta.


Scriostar amaċ íad as leaḃar na mbéo, agus ná scríoḃṫar íad maille ris na fíréunuiḃ.


Giḋeaḋ annois, maḋ áill leaċd maiṫ ḋóiḃ a bpeacaḋ; agus munandean, cuir misi as do leaḃar (iarruim daṫċuinge ort) noċ do sgrioḃ tú.


Agus do ċonnairc mé na mairḃ, eidír ḃeag agus ṁór, na seasaṁ a ḃfíaḋnuise Dé; agus do hosglaḋ na leaḃair: agus do hosglaḋ leaḃar eile, eaḋon leaḃar na beaṫa: agus rugaḋ breaṫ ar na ṁarḃaiḃ as na neiṫiḃ do ḃí sgríoḃṫa sna leaḃruiḃ, do réir a ngníoṁarṫaḋ.


Aṁuil fós do ḟoġluim siḃ ó Epaṗras ar gcoiṁṡearḃfoġantuiḋ gráḋaċ, noċ atá ar ḃur sonsa na ṁinisdir díleas ag Críosd;


Agus annsa namsin seasfuiḋ Miċael súas, an prionnsa mór ṡeasas air son ċloinne do ṗobailsi: agus biáiḋ am buáiḋearṫa ann, a leiṫéid naċ raiḃ a ríaṁ eaḋon go nuige an tamsin: agus annsa namsin sáorfuiġear do ṗobalsa, a nuile ḋuine dá ḃfuiġṫear scrioḃṫa annsa leaḃar.


Agus giḋ bé nar friṫ sgríoḃṫa a leaḃar na beaṫa do teilgeaḋ é sa loċ teineaḋ.


Agus biáiḋ mo láṁ air na fáiġiḃ do ċí díoṁaóineas, agus ċumas bréaga: ní ḃéid síad a noireaċtas mo ṗobail, ní mó scríoḃṫar íad a scríḃinn ṫiġe Israel, ní mó raċaid síad a steaċ a ndúṫaiġ Israel; agus aiṫeontaói gur misi an Tiġearna DIA.


Agus tiucfa a ccríċ, an té fúigfiġear a Sion, agus an té ḟanfas ann Ierusalem, go ngoirfiġear náoṁṫa ḋe, eaḋon gaċ neaċ atá scríoḃṫa a measg na mbéo ann Ierusalem:


Do ḃríġ ḃur gcumuinn ris a tsoisgéul ón gcéud lá gus a nois;


Már as cóir ḋaṁ an breaṫnuġaḋsa do ḃeiṫ agum oruiḃ uile, do ḃríġ go ḃfuil siḃ agam um ċróiḋe; go raḃaḃair uile páirteaċ ré mo ġrása, ré linn mo ġéiḃeann, agus mo ċosanta agus mo ḋaingniġṫe ar a tsoisgéul.


Agus as mían riom a ḟios do ḃeiṫ aguiḃ, a ḋearḃráiṫre, na neiṫe ṫárrlá ḋaṁ gur éiriḋ ríu barr oirḋearcuis do ċur ar a tsoisgéul;


Do ní dream aca Críosd do ṡeanmóruġaḋ trés ċonsbóid, ní ó inntínn ġloin, ag sáoilsin dóiḃ go gcuirfid tuilleaḋ buáiḋearṫa a gceann na gcuiḃreaċ atá oramsa:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ