3 Agus buḋ núallḟurtaċ cainticiḋ an teampuill san ló sin, a deir an Tiġearna DIA: biáiḋ mórán do ċorpuiḃ marḃa ann gaċ áonáit; teilgfid síad amaċ íad le ciunas.
¶ Annsin do ċuáiḋ aingeal an TIĠEARNA amaċ, agus do ḃuáil sé a ḃfoslongṗort na Nassírianaċ céud ceiṫre fiṫċid agus cúig ṁíle: agus a nuáir do éirġeadar go moċ ar maidin, féuċ do ḃádar uile na ccorpuiḃ marḃa.
Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA a ttáoḃ Iehoiacim ṁic Iosiah ríġ Iúdah; Ní ċaóinfid síad é, Uċ a ḋearḃráṫair! nó, Uċ a ḋeirḃṡíur! ní ċaóinfid ar a ṡon, Uċ a ṫiġearna! nó, Uċ a ġlóirsion!
Suiġíd sinnsir inġine Sion air an ttalaṁ, agus bíd na ttoċd: do ṫeilgiodar luáiṫreaḋ air a cceannaiḃ; agus do ċriosluiġeadar íad féin lé saicéaḋaċ: cromaid maiġdiona Ierusalem á ccinn síos gus an ttalaṁ.
Bioḋ náire oruiḃsi, a ḟeara tiġe; núalluiġ, a luċt ḋeasuiġṫe na fíneaṁna, ar son na cruiṫneaċda agus ar son na héorna; do ḃríġ gur ṁeaṫ fóġṁar an ṁaċaire.
Criosluiġiḋ siḃ féin, agus caóiḋiġ, a ṡagarta: núalluiḋsi, a ṡeirḃísiġ na haltóra: tigiḋ, luiġiḋ ar feaḋ na hoiḋċe a saicéadaċ, siḃsi seirḃísiġ mo Ḋé: óir do congṁaḋ a nofráil ḃíḋ agus a nofráil diġe ó ṫiġ ḃur Ndé.
Ann sin a duḃairt Maóise re Háaron, Is é so an ní do laḃair an TIĠEARNA, gá ráḋ, Biáiḋ mé náoṁṫa annsa droing ṫig a ngar ḋaṁ, agus as coinne an ṗobail uile biáiḋ glóir ḋaṁ. Agus do ṫoċd Aáron.
Do ċuir mé an ṗláiġ ḃur measg do réir ġnáṫa na Hégipte: do ṁarḃ mé ḃur ndaóine óga ris an ccloiḋeaṁ, agus rug mé ḃur neiċ uáiḃ; agus ṫug mé air ḃréantas ḃur ḃfoslongṗort teaċt súas ċum ḃur bpolláireaḋ: giḋeaḋ níor ḟilleaḃair ċugam, a deir an TIĠEARNA.
Uimesin an TIĠEARNA, Día na slóġ, is marso, a deir an Tiġearna; Biáiḋ caói annsna huile ṡráidiḃ; agus a déaruid annsna huile ṡliġṫiḃ móra, Mó ṫruáiġe! mo ṫruaiġe! agus goirfiḋ an fear oibre ċum cuṁa, agus an luċt ḃíos éolaċ a ccaóineaḋ ċum caóinte.
Do ṫug an TIĠEARNA Día é féin mar ṁionnuiḃ, a deir an TIĠEARNA Día na slóġ, Fúaṫuiġim oirḋearcus Iácob, agus fúaṫuiġim a ṗáláis: uimesin seaċóduiġ mé súas an ċaṫair gun a ḃfuil innte uile.
Agus iompoċa mé ḃur ḃféustaḋa a ndóbron, agus ḃur naḃráin uile a ccuṁaiḋ; agus do ḃéara mé saicéadaċ súas air a nuile leasraċ, agus maóile air gaċ nile ċeann; agus do ḋéana mé é uṁuil mar buḋ cuṁaiḋ arson aóinṁic, agus a ċríoċsin aṁuil deireaḋ laói ṡeirḃ.
Tógḃuiḋ an marcaċ súas aráon an cloiḋeaṁ loinnreaċ agus an gaṫ tonnaċ, agus atá iomad do ḋaóiniḃ marḃa, agus úiḃir ṁór ċorp; agus ní ḃfuil críoċ air a ttaisiġiḃ; tuislíġid air a ccorpuiḃ: