Agus abair, Siḃsi a ṡléiḃte Israel, éistiġ bríaṫar an Tiġearna DIA, Is marso a deir an Tiġearna DIA ris na sléiḃtiḃ, agus ris na cnocaiḃ, ris na sroṫaiḃ, agus ris na gleantuiḃ; Féuċ, do ḃéara Misi, Misi fein, cloiḋeaṁ oruiḃ, agus millfiḋ mé ḃur náite árda.
Aite árda Aḃen mar an gcéadna, scriosfuiġear, peacaḋ Israel: tiucfuiḋ an droiġion agus an foġḃannán súas ar a naltóraċaiḃ; agus déaruid ris na sleiḃtiḃ, Folċuiḋ sinn; agus ris na cnoċaiḃ, Tuitiġ oruinn.
Aċt ná híarruiḋ Bet‐el, agus ná héirġiḋ a steaċ go Gilgal, agus ná gluáisiġ go Beer‐seba: óir raċfuiḋ Gilgal go deiṁin a mbraiġdionas, agus raċfuiḋ Bet‐el a neiṁní.
An drong ṁionnuiġios fa ṗeacaḋ Ṡamária, agus a deir, A Ḋan, mairiḋ do ḋía se; agus, mairiḋ moḋ Ḃeer‐seba; eaḋon tuitfid síadsin, agus ní éireoċuid súas a rís go bráṫ.
Do ċonnairc mé an TIĠEARNA na ṡeasaṁ air a naltóir: agus a duḃairt sé, Buáil an fárdorus, ċor go ccroiṫid na postaḋa: agus géarr annsa ċionn íad, iad uile; agus muirfiḋ misi an deiġionaċ ḋíoḃ leis an ccloiḋeaṁ; an té ṫeiṫfios díoḃ ní raċfuiḋ sé as, agus an té raċfus as, ní sáorfuiġear é.
Ar son saruiġṫe Iácob atá so uile, agus ar son ṗeacaḋ ṫiġe Israel. Cred é sáruġaḋ Iácob? naċ í Samária? agus cred íad áite árda Iúdah? naċ í Ierusalem?