Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Amos 7:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 ¶ Is marso do ṫaisbéin sé ḋaṁ: agus, féuċ, do ṡeas an Tiġearna air ḃalla déanta le doruḃa, maille re doruḃa iona láiṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Amos 7:7
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus sínfiḋ mé tar Ierusalem dúruḃa Ṡamária, agus plumba ṫiġe Ahab: agus cuimeoluiḋ mé Ierusalem mar ċuimlios duine mias, dá ċumailt, agus da hiompóġ bun ós cionn.


Agus do ḃí ag an tí do laḃair riom giolcaċ órrġa, ċum na caiṫreaċ agus a geatuiġeaḋ, agus a balla do ṫoṁas dó.


Agus tugaḋ ḋaṁ giolcaċ cosṁuil ré slait: agus do ṡeas an taingeal láiṁ riom, agus a duḃairt, Eiriḋ, agus toṁais teampoll Dé, agus a naltóir, agus an dream do ní seirḃís ann.


Agus ṫug sé annsin mé, agus, féuċ, do ḃí duine ann, ag ar cosṁuil a ṫaisbéanaḋ ré taisbéanaḋ práis, go ndoruḃa lín iona láiṁ, agus slat ṫoṁais; agus do ṡeas sé annsa ġeata.


Do ṫríall an TIĠEARNA ballaḋa inġine Sion do ṁilleaḋ: do ṡín sé doruḃa amaċ, níor ċonnaiṁ sé a láṁ ó aiḋṁilleaḋ: uimesin ṫug sé air an dídean agus air an mballa caói, do ċúadar a néagcrúas lé ċéile.


Aċt sealḃoċuiḋ an fíaċ mara agus an bunnán léanaḋ é; coiṁneoċuiḋ fós an tulċaḃcán agus an fíaċduḃ ann: agus sínfiḋ sé doruḃa a naiḋṁillte fair, agus cloċa na foilṁe.


¶ Cuirfe mé fós breiṫeaṁnus ċum an líne, agus firéantaċd ċum an ṗlumma luáiġe: agus scuábfuiḋ an ċloiċṡneaċda an dídean ón mbréig, agus tuileoċuid uisge a náit ḟoluiġṫe.


Agus do ḃuáil sé Móab, agus do ṫoṁuis íad lé córda, ḋa tteilgion síos go talaṁ; eaḋon lé ḋá ċórda do ṫoṁuís sé do ṫaḃairt báis, agus le héanċórda iomlán do ċongṁáil béo. Agus do ḃádar na Móabitiġ ná searḃḟoġantuiġ ag Dáiḃi, agus tugadar tioḋlaicṫe léo.


Agus féuċ, do ṡeas an TIĠEARNA ós a ċionn, agus a duḃairt, As misi an TIĠEARNA Día Abraham haṫair, agus Día Isaac: an fearann ar a ḃfuil tú ad luiġe, do ḃéura mé ḋuitsi é, agus dot ṡlioċd.


Do ġaḃ aíṫreaċus an TIĠEARNA uimeso: ní ḃiáiḋ so, a deir an Tiġearna DIA.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA riom, A Amóis, cred do ċí tú? Agus a duḃairt misi, Doruḃa. Ann sin a duḃairt an Tiġearna, Féuċ, cuirfiḋ misi doruḃa a measc mo ṗobail Israel: ní ġéaḃa mé láiṁ ríu ní sa ṁó:


Oír cía do ṫarcuisniġ lá na niṫeann mbeag? óir gairdeoċuid, agus do ċífid an doruḃa a láiṁ Ṡerubbabel maille ris an móirṡeisior sin; isíad suile an TIĠEARNA, noċ rioṫios síos agus súas air feaḋ na talṁan uile.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ