4 ¶ Is marso do ṫaisbéin an Tiġearna DIA ḋaṁsa: agus, féuċ, do ġoir an Tiġearna DIA ceannairg le teine, agus do loisg sé an taigean mór, a duáiġ súas cuid dí.
A ṫiġ Ḋáiḃi, is marse a deir an TIĠEARNA; Déan breiṫeaṁnus ar maidin, agus tárṫuiġ an té do milleaḋ amaċ as láiṁ an ṁilltéora, deagla go raċaḋ mfearg amaċ aṁuil teine, agus go loisgfeaḋ ċor naċ ḃféadfaḋ áonduine a múċaḋ, do ḃríġ uilc ḃur ngníoṁ.
Timċillġearruiḋ siḃ féin don TIĠEARNA, agus beanaiḋ ḋíḃ croicionn tosuiġ ḃur ccroiḋe, siḃsi a ḟeara Iúdah agus a áitreaḃṫaċa Ierusalem: deagla go ttiucfaḋ mo ḋiḃḟeargsa amaċ aṁuil teine, agus go loisgfeaḋ iondus naċ ḃféadfaiḋ éinneaċ a múċaḋ, do ḃríġ uilc ḃur ngníoṁsa.
Agus abair ré tír Israel, Is marso a deir an TIĠEARNA; Féuċ, atáim ad aġaiḋ, agus tairreonga mé mo ċloiḋeaṁ amaċ as a ḋubla, agus gearrfad amaċ úait an fíreun agus an ciontaċ.
Do scrios mé cuid díḃ, aṁuil do scrios Día Sodom agus Gomorrah, agus do ḃáḋḃair aṁuil aiṫinne ar na ṫarruing amaċ as an losgaḋ: ṫairis sin níor ḟilleaḃair ċugamsa, a deir an TIĠEARNA.
Iarruiḋ an TIĠEARNA, agus mairfiḋe; deagla go mbrisfeaḋ sé amaċ aṁuil teine a ttiġ Ióseṗ, agus go loisgfioḋ sé é, agus naċ bíaḋ duine air bioṫ a Mbet‐el do ṁúċfaḋ é.
Marso do ṫaisbéin an TIĠEARNA Día ḋaṁsa; agus, féuċ, do ċum sé a ttus ṫeaċt amaċ an dara fáis; agus, féuċ, do bé sin an fás deiġionaċ déis spealadóireaċda an ríġ.
Cía ḟeadas seasaṁ as coinne a ḟeirge? agus cía ḟéadas fuireaċ re buirbe a ḟeirge? do dóirteaḋ a ḋíḃḟearg amaċ mar ṫeine, agus do teilgioḋ síos na cairge leis.
Na ḋiaiġ so do ḟéuċ me, agus, féuċ, doras fosguilte ar neaṁ: agus an céud ġúṫ do ċúaluiḋ mé, mar ḟuáim sduic ag laḃairt riom; ag ráḋ, Gaḃ a níos ann so, agus foillseóċad ḋuit na neiṫe as éigean do ḋéunaṁ na ḋiáiġ so.